An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Bain SULT as an nGaeilge

Bain SULT as an nGaeilge

Cuirfear céad míle fáilte roimh chách chuig SULT, oíche shóisialta trí Ghaeilge ar an Déardaoin, 27 Deireadh Fómhair.


Tagann daoine le chéile ar an Déardaoin deireannach de gach mí ag 9.00i.n. i dTeach Dolmain chun taitneamh a bhaint as caint, comhrá agus comhluadar trí Ghaeilge agus cuirtear fíorchaoin fáilte roimh dhaoine nua i gcónaí. Is deis iontach í seo do dhaoine gur suim leo an Ghaeilge í a labhairt go sóisialta agus ag an am céanna aithne a chur ar chainteoirí Gaeilge eile. Bailíonn SULT le chéile ag an mbord Gaeilge díreach taobh istigh den doras tosaigh i dTeach Dolmain. Cuirtear fáilte roimh fhoghlaimeoirí chomh maith leo siúd atá líofa sa teanga. Bí linn ar an Déardaoin seo agus ar an Déardaoin deireannach de gach mí i rith na bliana chun SULT a bhaint as an nGaeilge.

The Nationalist - Glór Ceatharlach
20 Deireadh Fómhair 2011

www.carlow-nationalist.ie



The Nationalist - Glór Ceatharlach

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214