An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Ceolchoirm na Féile

Ceolchoirm na Féile

Bhí an-áthas ar Glór Cheatharlach seic do thrí mhíle euro a bhronnadh ar Lousie Forrester ón eagraíocht Trócaire an tseachtain seo caite.


Bailíodh an t-airgead de bharr ceolchoirm speisialta ar mhaithe leis an ngorta sa tSomáil a cuireadh ar siúl ins an Amharclann George Bernard Shaw mar chuid d’Fhéile an Fhómair na bliana seo. Tháinig na sluaite chuig an cheolchoirm chun taitneamh a bhaint as  ceol, amhránaíocht agus rince de gach saghas agus chun tacaíocht a thabhairt do mhuintir na Somáile san Afraic, áit a bhfuil géarchéim mhór i láthair na huaire de bharr gorta, teipeanna barraí, triomacht agus scaipeadh galair maláire, calar, tíofóideach agus bruitíneach. Bhí Louise Forrester i láthair ar an oíche chun glacadh leis an seic thar cheann Trócaire agus gheall sí go rachadh gach euro den airgead díreach go dtí an réigiún tragóideach.

D’oscail cór Choláiste Naomh Leoin an seó agus ansin thóg an grúpa  Rí Rá an stáitse chun ceol bríomhar traidisiúnta a sheinm. Bhí amhránaíocht álainn sa sean-nós ón amhránaí Neil Ní Chróinín agus lean an ceol traidisiúnta ar aghaidh le seit iontach ón ngrúpa Plámás agus ina dhiaidh sin le ceoltóirí seisiúin Teach Dolmain. Bhí an-éagsúlacht rince ar an oíche agus chuaigh rinceoirí na sinsearach go háirithe i bhfeidhm go mór ar an lucht féachana le cur i láthair speisialta den damhsa Tonnta Tóraí. Bhí taispeántas bríomhar den rince gaelach ó Scoil Rince Adeline Dargan agus bhí taispeántas álainn den bhailé ó Scoil Aedeen O Hagan. Lean an rince ar aghaidh le grúpa ó KYDS agus bhí meascán de rince cruthaitheach, snag agus damhsa nua aimseartha acu. Bhí níos mó rince bríomhar le slua mór ó Dance Republic le meascán hip hop agus an damhsa nua aimseartha. Coiméad súil amach don ghrúpa seo a bheidh ar ar an gclár ‘Got to Dance’ ar Sky1 go luath! Bhí ardchaighdeán amhránaíochta i rith na hoíche curtha ar fáil ag Kathleen Nic Dhiarmada, Niall Mac Cearnaigh agus Pádraigín Caesar gan trácht ar an gceol binn ó na cláirseoirí. Ba bhuacphointe iontach d’Fhéile an Fhómair an cheolchoirm agus ba mhaith le Glór Cheatharlach míle buíochas a ghabháil le gach éinne a chabhraigh agus a thug tacaíocht don imeacht go háirithe na rannpháirtithe uile, foireann na hamharclainne, na hudaráis áitiúil agus gach éinne a cheannaigh ticéad agus a tháinig amach chun tacaíocht a thabhairt don oíche ar son na Somáile.

The Nationalist - Glór Ceatharlach
20 Deireadh Fómhair 2011

www.carlow-nationalist.ie



The Nationalist - Glór Ceatharlach

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214