An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Séasúr na hAidbhinte

Séasúr na hAidbhinte

Táimid i séasúr na hAidbhinte.


Tugtar séasúr na hAidbhinte ar an tréimhse ceithre seachtaine díreach roimh Nollaig agus is séasúr é a chabhraíonn linn ullmhú mar is cóir don Fhéile Mhór. Réitítear fleasc don Aidbhint agus tá nós na fleisce go forleathan ar fud na hEorpa leis na cianta.

Déantar í as cuileann agus duilleoga síorghlas i riocht fáinne agus bíonn ceithre coinneall uirthi, ceann do gach seachtain den Aidbhint. Baineann an fáinne leis an tsíoraíocht toisc nach mbíonn tús ná deireadh leis.

Bíonn dath corcra ar thrí choinneal le ceann amháin bándearg. Is deacair slí níos fearr a fháil chun ullmhú cuí a dhéanamh don Nollaig agus díríonn an séasúr aigne agus meon an duine ar theacht an Linbh Íosa.

Lastar coinneal amháin ar chéad Domhnach na hAidbhinte, dhá cheann ar an dara Domhnach agus mar sin de go mbíonn na ceithre choinneal ar lasadh ar an Domhnach roimh Lá Nollag. Dá bhrí sin faoi mar a bhíonn na seachtainí ag gabháil thart  tagann breis solais ó Fhleasc na hAidbhinte go dtí go dtagann an Nollaig féin tráth a lastar Coinneal Mhór Bhán na Nollag i lár na fleisce.

www.carlow-nationalist.ie

Foilsithe ar Gaelport.com 01 Nollaig 2011



Carlow Nationalist – Glór Cheatharlach

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214