An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Athchóiriú faoi lán seoil ag Taibhdhearc na Gaillimhe

Athchóiriú faoi lán seoil ag Taibhdhearc na Gaillimhe

Thosaigh obair ar Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, An Taibhdhearc, thart ar cheithre seachtaine ó shin, go luath i ndiaidh gur sheol Bord Stiúrtha na hAmharclainne na pleananna nua don fhoirgneamh ar 4 Samhain.


Tá Róisín Ní Dhuigneáin, cathaoirleach na heagraíochta, ag siúl le go mbeadh an obair ar fad críochnaithe i mí Aibreáin nó Bealtaine na bliana seo chugainn agus go mbeadh ócáid ollmhór ar siúl acu don oscailt.

Chomh maith leis sin, deir Ní Dhuigneáin go bhfógrófar post an stiúrthóra ealaíne san athbhliain. Níl aon stiúrthóir ealaíne ag an amharclann ó d’éirigh Séamus Ó hAodha as an bpost ag deireadh an tsamhraidh.

Tá costas €900,000 i gceist ar atógáil an fhoirgnimh. Gheall an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta €300,000 dóibh thar dhá bhliain nuair atá an foirgneamh críochnaithe agus deir Comhairle Cathrach na Gaillimhe go dtabharfaidh siadsan €300,000 dóibh thar shé bliana freisin.

Bhailigh lucht na Taibhdheirce €200,000 agus tá €100,000 eile fós á lorg acu. Chun é sin a fháil, táthar ag díol suíochán san amharclann ar €700 an ceann agus, má cheannaíonn tú ceann, cuirfear d’ainm ar phlaic san fhorhalla.

Tá tuilleadh eolais faoi seo ar fáil ó oifig na Taibhdheirce ar 091  62024.

Beidh an chuma chéanna ar an bhfoirgneamh ón taobh amuigh ach beidh roinnt athruithe ar an taobh istigh. Beidh an forhalla thar a bheith difriúil agus beidh na leithris thíos staighre athraithe. Chomh maith leis sin, beidh spás istigh san amharclann d’ocht gcathaoir rothaí.

Deir Ní Dhuigneáin go bhfuil ag éirí go breá leis an obair go dtí seo. “Ní raibh aon fhadhb againn go dtí seo,” a deir sí. Deir Ní Dhuigneáin go bhfuil Bord Stiúrthóirí na Taibhdheirce ag fáil treorach mar gheall ar na poist atá le líonadh acu faoi láthair. Deir sí go bhfógróidh siad na folúntais uilig a bheidh ar fáil go poiblí san athbhliain, post an stiúrthóra ealaíne san áireamh.

Faoi láthair, tá muintir na Taibhdheirce ag obair ar Gheamaireacht na Nollag, ‘Cochaillín Dearg’. Is scéal cáiliúil atá ann faoi chailín beag a bhuaileann leis an Mac Tíre mór scanrúil atá ag tarraingt aird lucht féachana sean agus óg leis na blianta. Beidh neart aisteoirí ón sobaldráma ‘Ros na Rún’ le feiceáil ann chomh maith le neart aisteoirí eile. Tá thart ar 25 duine óg agus thart ar naonúr fásta páirteach ann.

Scríobh Maeve Ingoldsby an dráma agus tá Séamus Ó hAodha á stiúradh. Beidh sé ar siúl sa Dubhlann ar Bhóthar na Díge i gCathair na Gaillimhe ó 13 – 18 Nollaig ag 7in. Is féidir ticéad a fháil ar líne ar www.tht.ie nó is féidir glaoch ar 091 569777. Tá costas €10 orthu.
“Is rud uafásach mór é dúinne,” a deir Róisín faoin ngeamaireacht agus tá sí ag súil go mór leis. Scrios tine foirgneamh na Taibhdheirce in 2007 agus, ó shin, bhí muintir na Taibhdheirce ag cur seónna agus drámaí ar siúl in áiteanna éagsúla timpeall na cathrach agus i gConamara.

www.gaelsceal.ie

Foilsithe ar Gaelport.com 02 Nollaig 2011



Gaelscéal - Katie McGreal

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214