An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Lámhleabhar ag Gaelchultúr

Lámhleabhar ag Gaelchultúr

Tá paidreacha gach foghlaimeoir a bhíonn ag streachailt leis an nGaeilge freagartha le foilsiú an chúrsa ilmheáin nua, ‘Gaeilge gan Stró- Beginners Level’


Is lámhleabhar praiticiúil, ealaíonta agus éasca a úsáid é.

Foilsithe ag Gaelchultúr, tá an bhéim sa chúrsa ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta.

Ag an seoladh, dúirt an tAire Ealaíon Cultúir agus Fóilíochta,  Carál Ní Chuilín (ar chlé sa phictiúr in éineacht leis an Aire Gnóthaí Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Jimmy Denihan) go mbeadh an leabhar áisiúil do dhaoine atá ag foghlaim na Gaeilge den chéad uair riamh.

Tá i gceist go mbeidh an cúrsa áisiúil do dhaltaí atá ag staidéar thar lear- go háirithe sna Stáit Aontaithe, áit a bhfuil corradh le trí mhíle duine ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge go bliantúil sa tríú leibhéal.

Foilsithe ar Gaelport.com - 14 Nollaig 2011



Foinse - Nuacht na hEarnála

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214