An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Lón intinne do lucht na Gaeilge le fáil ag Imbolc 2012

Lón intinne do lucht na Gaeilge le fáil ag Imbolc 2012

Eagraíodh an chéad chomhdháil ‘Imbolc’ trí bliana ó shin i mBaile Bhuirne nuair a bhí muintir na tire go mór in ísle brí agus bhí sé mar sprioc ag an lá inspioráid agus misneach a thabhairt do phobal na Gaeilge.


Ar an mórgóir, is beag  a d’athraigh idir an dá linn ach tá feabhas agus forbairt  tagtha ar an gcomhdháil lae agus fillfidh sé i mbliana le lón intinne, ábhar machnaimh agus anraith sicín de bhunús nua a thabhairt d’anamacha cráite na tíre Dé Sathairn 18 Feabhra.

Roghnaíodh  teideal na féile Cheilteach ‘Imbolc’ mar ainm na comhdhála. Oireann an t-ainm sin don mar tagann spriocanna an tionóil leis an gcoincheap siombalach taobh thiar den fhéile. “Ceiliúrann an fhéile na rudaí a fhásann san earrach tar éis iad a bheith dorcha rúnda faoin talamh i rith an gheimhridh” a deir Tomás Ó hAodha a bhíonn ag eagrú na comhdhála lena bhean chéile Bernice gach  aon bhliain. Is féidir linn mar a deir an Meiricéanach.

Ceannródaithe, fiontraithe agus daoine spreagúla ó gach réimse oibre ón saol gnó, na healaíona, na heolaíochtaí  a bheidh ar an ardán ar an lá. Ina measc beidh an ceoltóir clúiteach spreagúil Liam Ó Maonlaoi.  Tá sé de bhua ag Ó Maonlaí go bhfuil sé in máistreacht a dhéanamh ar stíleanna ceoil úrnua domhanda agus d’éirigh go geal leis an an togra ceoil is déanaí dá chuid, ‘Rian’ a bhí go mór i mbéal i phobail le linn Féile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath san fhómhar.

“Is í an éagsúlacht don chuid is mó  agus an réimse leathan d’ábhar a bhíonn ar siúl ag cainteoirí Gaeilge ar fud an domhain a bhí ar intinn againn a chur ar shúile na nGaeilgeoirí”, a deir Tomás agus clár an tóstail á phlé aige.

Mar sin ní chuireann sé ionadh ort go mbeidh iarchéimí sa réaltfhisic, Diarmaid de Búrca ag caint ar fhorbairtí sa tsaotharlann agus  ar dhomhan rúnda rabhcháin réaltacha pulsáir agus leis ar stáitse beidh Feargal Ó Moráin atá ina chathaoirleach le Fiontraíocht Éireann ag caint ar thaighde, fhorbairt agus ar an nuálaíocht. Bád tarrthála na nuálaíochta agus na fiontraíochta is mó a rachaidh chun cúnaimh dúinn de réir mar a dhéanfar iarracht  fadhb na dífhostaíochta a réiteach amach anseo, dar leo.

Is bhfad iad na cnoic i bhfad uainn- ach d’fhéadfaimis iad a dhreapadh gan stró. Cad iad na tréithe atá ag dreapadóir díograiseach agus conas gur féidir linn leas a bhaint astu? Is í sin an cheist a bheidh á plé ag Darach Ó Murchú, sléibhteoir agus teagascóir atá tar éis dul chomh fada leis na Himiléithe sa tóir ar a dhúshlán pearsanta.

Straitéis an bhanfhicheallaí agus seift an údair agus an cheoltóra a bheidh á bplé ag Úna Ó Boyle agus is cinnte go mbeidh sé spéisiúil cad atá foghlamtha aici óna ceird, agus cad a déarfaidh an t-údar eile a bheidh ina measc ar an lá,  Eoghan Mac Giolla Bhríde, a bhfuil dhá chnuasach gearrscéalta foilsithe aige  “Idir Feoil is Leathar” agus “Díbeartaigh”.

Chomh maith leis sin beidh ball  d’Acadamh Ríoga Éireann agus Comhalta de Chumann na nInnealtóirí  Annraoi de Paor ag labhairt ar chúrsaí innealatóireachta.

Beidh an deis ag gach aon duine a bhfuil rochtain acu ar an idirlíon blas a fháil ar an ócáid mar déanfar taifead ar na cainteanna agus cuirfear ar fáil níos déanaí sa bhliain iad. Ach is cinnte gur lá tairbheach taitneamhach atá i ndán do na sluaite a bheidh ag dul ó dheas go dtí an Ionad Cultúrtha an lá sin.

Tá an óstán áitiúil lán go doras cheana féin, agus beidh meascán idir mhuintir na Gaeltachta agus thurasóirí ag freastal ag an ócáid.  Oilithreacht nua-aimseartha a bheidh ann do roinnt de na daoine fhreastalóidh ar an ócáid.

“Cheapamar go raibh sé tábhachtach an deis a thabhairt do dhaoine  blas a fháil ar cheantair agus ar dhearcadh eile. “Tá sé tugtha faoi deara agam nuair a chuireann tú daoine isteach in áit nua ar leith go háirithe sa Ghaeltacht go n-athraíonn meon na ndaoine agus bíonn siad níos oscailte rudaí a fhoghlaim agus a bheith páirteach sa díospóireacht” a deir Tomás.

Más mian leatsa a bheith páirteach sa phlé, cuirfear tús le Imbolc Dé hAoine 17 Feabhra le ceolchoirm san Ionad Cultúrtha. Beidh Liam Ó Maonlaoi le cloisteáil i mbun ceoil an oíche sin agus an lá dár gcionn,18 Feabhra beidh an chomhdháil ag tosú ag 10 rn. Beidh na físeáin ar fáil ar www.imbolc.ie.
©Foilsithe ar Gaelport.com 12 Eanáir 2012



Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214