An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Comóradh Comhar

Comóradh Comhar

Beidh an iris Comhar 70 bliain d’aois mí Bealtaine seo chugainn, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.


Ó tharla an oiread sin d’eagarthóirí agus scríbhneoirí Comhar ina measc siúd a bhunaigh Cumann Merriman i 1967 – Tomás De Bhaldraithe, Daithí Ó hUaithne, Seán Mac Réamoinn, Eoghain Ó hAnluain – ba chuí go gcuirfí tús leis an chomóradh ag Scoil Gheimhridh Merriman i gCathair na Mart, Co Mhaigh Eo, an deireadh seachtaine seo caite.

Ba é cathaoirleach Comhar Teoranta, Cathal Goan, a d’oscail an scoil agus thagair sé don anchaoi ina raibh an iris ceithre bliana ó shin.

Thug sé ardmholadh dóibh siúd a d’oibrigh chun an iris a athbheochan agus luaigh sé ach go háirithe Liam Mac Amhlaigh, Uaitéir Ó Ciaruain agus Muireann Ní Mhóráin.

Bíodh go raibh sé mar aidhm i gcónaí ag Comhar ardán a thabhairt d’aistí tuairimíochta ar chúrsaí reatha agus ar chúrsaí litríochta, bheartaigh lucht eagraithe na scoile cloí don chuid ba mhó le cúrsaí litríochta agus ealaíne.

Chuir an tOllamh Alan Titley, colúnaí leis an nuachtán seo, tús spreagúil leis na himeachtaí agus é ag cur síos ar na conspóidí litríochta ar leathanaigh Comhar: Tomás Ó Floinn ag cosaint Ghaeilge Sheáin Uí Ríordáin ar cháineadh Mháire Mhac a’ tSaoi; Liam Ó Flaithearta ag cur comhairle ar Mháirtín Ó Cadhain; saothar Phroinsias Mhic a’ Bheatha, Téid Focail le Gaoith, faoi ionsaí ag an Chadhnach; Sean Ó Tuama in amhras ar dhintiúir an “eachtrannaigh”, Frank O’Brien, an leabhar léirmheastóireachta Filíocht Ghaeilge na Linne Seo a scríobh. Bhí Comhar “breac le léaspairtí léirmheastóireachta” a dúirt Titley.

An bhfuil ré na gconspóidí liteartha ar Comhar thart? An bhfuil deireadh leis mar fhóram léirmheastóireachta?

Luadh an brú a bhíonn ar lucht ollscoile saothar critice a fhoilsiú in irisí léannta.

Dúirt Fiontán de Brún, léachtóir ar Ollscoil Uladh, gur mhó an chreidiúint a gheobhadh scoláire as scéilín grinn a fhoilsiú in iris acadúil sa tSeapáin ná alt léannta a fhoilsiú in iris mar Comhar.

Dúirt Ríona Nic Congáil, léachtóir i gColáiste Phádraig, Baile Átha Cliath, nach raibh cúis ar bith ann nach bhféadfadh acadúlaithe an dá thrá a fhreastal: ábhar a chur ar fáil do na hirisí léannta agus do Comhar.

Ach i léacht eolach tomhaiste faoi na dúshláin agus na deacrachtaí a bhíonn ag foilsitheoirí Gaeilge, dúirt Darach Ó Scolaí nárbh iad aistí acadúla a theastaigh ó fhoilsitheoir.

Alt gearr léirmheastóireachta a dhíolfadh leabhar a bhí uathu agus lochtaigh sé Comhar as faillí a dhéanamh sa chineál seo léirmheastóireachta le roinnt blianta anuas.

Fógraíodh freisin go raibh an t-eagarthóir reatha, Ian Ó Caoimh, le héirí as agus gurbh iad Aifric Mac Aodha a bhí ina heagarthóir liteartha go dtí seo agus Seán Tadhg Ó Gairbhí, iar-eagarthóir Foinse, a bheadh i mbun eagarthóireachta Comhar ó mhí Aibreáin ar aghaidh.

Foilsithe ar Gaelport.com - 1 Feabhra 2012



The Irish Times - Mairéad Ní Chinnéide

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214