An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Nuala Ní Dhomhnaill le bheith ina moltóir ar Chomórtais Uí Néill

Nuala Ní Dhomhnaill le bheith ina moltóir ar Chomórtais Uí Néill

Tá Comórtas Filíochta an Choirnéil Eoghain Uí Néill oscailte le haghaidh iarratais agus is é 16 Márta an spriocdháta d’iontrálacha. Bronnfar duais €500 ar bhuaiteoir an chomórtais.


Tá fógartha go mbeidh Nuala Ní Dhomhnaill mar mholtóir ar an gcomórtas dátheangach seo i mbliana.

Duine de mhórfhilí na linne seo is ea Ní Dhomhnaill agus í tar éis cáil a bhaint amach lena saothar ina bhfuil an béaloideas agus na sean-amhráin mar chroí-ábhair ann. Bhí baint mhór aici le filíocht Innti i rith na seachtóidí agus sna hochtóidí ach tá a saothar tar éis forbairt go mór ó shin. Is iomaí duais a bronnadh uirthi in Éirinn agus go hidirnáisiúnta agus bíonn sí ag taisteal timpeall na tíre go minic ag freastal ar fhéilte filíochta.

Beidh an t-amhránaí clúiteach sean-nóis, Máire Ní Choilm mar aoi ar an oíche chomh maith. Is as Mín an Iolair, Doirí Beaga i dTír Chonaill do Mháire Ní Choilm. Chroch sí léi Corn na mBan le linn Oireachtas na Samhna sa bhliain 2009.

Beidh buaiteoir an chomórtais i gcomhluadar fhilí  úra is mó na linne seo. Is í Máire Wren as Cois Cladaigh sa Bhun Beag a bhuaigh an comórtas anuraidh leis an dán ‘Lúb ar Lár’.

Is é Prionsias Mac an Bhaird buaiteoir 2010 leis an dán, ‘Bróga’ agus i 2009 bhuaigh Tadhg O Dúshláine an comórtas leis an dán ‘An Duais’. Is é Niall Gordon an chéad bhuaiteoir sa bhliain 2008 leis an dán  ‘Rannan na Bliadhna (12)’.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 7 Feabhra 2012




Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214