An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Tionscadal Piaf Brel ar stáitse arís

Tionscadal Piaf Brel ar stáitse arís

Fillfidh an tionscadal Piaf Brel, Non, Je ne Regrette rien ar stáitse arís le linn Sheachtain na Gaeilge, tar éis don tionscadal ardmholadh a baint amach le linn Féile IMRAM na bliana seo caite. 


Beidh an ceolchoirm le cloisteáil in amharclann an Pavillion i nDún Laoghaire, Déardaoin 8 Márta  ag 8 in. 

Táthar ag súil go dtiocfaidh na sluaite ag an seó imheáin ina bheidh scoth an cheoil le cloisteáil i dteannta íomhánna oiriúnacha cruthaithe ag an ealaíontóir Margaret Lonergan

Ba é Liam Ó Muirthile a chuir Gaeilge ar liricí na n-amhrán atá luaite leis na hamhranithe Edith Piaf agus Jacques Brel. Ar an ardán ar an oíche beidh Hilary Bow agus Doiminic Mac Giolla Bhríde ag canadh agus beidh Peter Roycroft ar an bpianó, Geoff Kirk ar na drumaí agus Neville Lloyd ar an olldord. 

Ná bíodh aiféala ort, téigh i dteagmháil le Booking (01) 231 2929 www.paviliontheatre.ie le haghaidh tuilleadh eolais.

©Foilsithe ar Gaelport.com 15 Feabhra 2012.






Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214