An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Naíonraí á bhforbairt i Loch Garman

Naíonraí á bhforbairt i  Loch Garman

Beidh an chéad bhabhta eile de chuid sraith chlinicí Forbairt Naíonraí Teoranta (FNT) ar siúl ar an Déardaoin beag seo, 15 Márta, in Inis Córthaidh, Co. Loch Gorman.


Beidh FNT ann ag bualadh le muintir naíonraí na háite mar chuid den tsraith clinicí náisiúínta atá á reáchtáil acu faoi láthair.
 
Eagraíodh an tsraith náisiúnta le deis a thabhairt do naíonraí ar fud na tíre bualadh le foireann na heagraíochta agus ábhair na hearnála a phlé leis an bhfoireann eolach.
 
Beidh FNT ag tabhairt cuairte ar naíonraí áitiúla nach mbeidh i láthair ag an gclinic le linn an lae, ionas go mbeidh deis acu aithne a chur ar a chéile agus ábhair a ardú leo.
 
Cuirfear fáilte roimh stiúrthóirí agus foirne naíonraí áitiúla freastal ar an gclinic a bheidh ar siúl idir 3.30in agus 6.00in, Déardaoin 15 Márta sa Riverside Park Hotel, An Phromanáid, Inis Córthaidh.
 
Deis iontach a bheidh inti do lucht na hearnála bualadh le chéile, plé ceart a dhéanamh ar chursaí Naíonraí na hÉireann, agus comhairle a fháil ón eagraíocht bhunaithe, eolach.
 
Iarrtar ceisteanna don chlinic a chur chuig eolas@naionrai.ie roimh ré ionas go mbeidh gach eolas bailithe ar gach ábhar ar leith.
 
Tá tuilleadh eolais ar fail ó Chlíona Frost ar 086-0403709; nó seol ríomhphost chuig eolas@naionrai.ie.      

©Foilsithe ar Gaelport.com - 9 Márta 2012




Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214