An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Grúpa nua tuistí agus leanaí bunaithe i gCeatharlach

Grúpa nua tuistí agus leanaí bunaithe i gCeatharlach

Tá an-áthas ar Ghlór Cheatharlach a fhógairt go gcuirfear tús le grúpa nua dátheangach Tuistí agus Leanaí dar teideal SPRAOI ar an Mháirt an 10ú Iúil.


Eagraithe faoi scath Comhluadar Teo tiocfaidh an grúpa le chéile gach maidin Mháirt ó 10-12 meánlae in Ionad Phobail New Oak.

Beidh cupán tae nó caife ar fáil do na tuismitheoirí agus comhrá dátheangach ar siúl acu fhad is a bheidh na páistí ag súgradh. Cuirfear fíór fáilte roimh éinne go bhfuil suim acu Gaeilge a labhairt lena bpáistí agus iad i suíomh spraoiúil, neamhfhoirmiúil. Ní gá a bheith líofa sa Ghaeilge-díreach suim agus sásta triail a bhaint aisti!

Tá costas €3 an chlann in aghaidh an lae i gceist agus beidh tae/caifé/brioscaí chomh maith le sú do na páistí san áireamh sa costas sin.  Tá an grúpa oiriúnach d’éinne le páistí suas go 5 bliana d’aois.

Tá gach eolas ar fáil ó Emma i nGlór Cheatharlach ar (085) 1340047. Bígí linn agus fáilte roimh cách!

http://www.carlow-nationalist.ie/

Foilsithe ar 4 Iúil / Foilsithe ar Gaelport.com - 5 Iúil 2012


Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas
:

Leabhair ghleoite foilsithe ag An Gúm le buachan

Ionad Cúraim Leanaí de luach €1 mhilliúin oscailte go hoifigiúil i gCarna

10 bpost fógartha i mBaile Mhúirne 

 

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

The Nationalist - Glór Cheatharlach

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214