An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Lá Gaelach an Volvo

Lá Gaelach an Volvo

Is é inniu, Déardaoin 5 Iúil, Lá Gaelach an Rás Aigéin Volvo, lá atá á eagrú ag Údarás na Gaeltachta agus Ealaín na Gaeltachta Teo. i gcomhar le Conradh na Gaeilge, An Taibhdhearc, Músaem na Gaillimhe agus Gaillimh le Gaeilge.


Tá sé mar aidhm ag an Lá Gaelach teanga, cultúr, ealaín agus oidhreacht na Gaeltachta agus na Gaeilge a léiriú do na sluaite atá i nGaillimh an tseachtain seo, idir Éireannaigh agus eachtrannaigh.

Ag 10.00i.n. i gclós Mhúsaem Chathrach na Gaillimhe léireofar seó damhsa sean-nóis agus déanfar an taispeántas Uisce agus Beatha a sheoladh.

Cuirfear tús leis an gcéad imeacht sa Phuball Siamsaíochta, Global Village ar a 12:00 meán lae, áit a mbeidh scéalaíocht do pháistí le húdair Futa Fata, Ailbhe Nic Giolla Bhrighde, Patricia Forde agus Bridget Bhreathnach. Beidh an scéalaí Máirín Mhic Lochlainn i láthair freisin agus scéalta draíochtach aici, agus leanfar ansin le léiriúchán ón gcompántas drámaíochta Branar ag 1.15i.n.

Beidh cumadóirí agus fonnadóirí as Cois Fharraige ar stáitse sa Phuball Siamsaíochta, Tadhg Mac Dhonnagáin, Áine Ní Dhroighneáin, Toner Quinn, Feargal Ó Béarra agus Ruairí Mac Con Iomaire mar aon leis an bhfonnadóir óg Gráinne Ní Bheoláin ón ngrúpa Scread. Ag leanúint leis an gceol, beidh Nóirín Uí Shúilleabháin ar stáitse lena deartháireacha Seán agus Frankie Gavin, Seamie Ó Dowd agus Ritchie Lyons, le taispeántas ó cheoltóirí óga Charna. Beidh an grúpa Crann Óg as Gaoth Dobhair ar an stáitse lasmuigh sa Global Village.

Ag 4.00i.n. ar Stáitse an Bheáir, Global Village, déanfaidh Conradh na Gaeilge cur i láthair faoin nGaeilge, áit a mbeidh deis ag cuairteoirí eolas a fháil faoin nGaeilge agus chun blaiseadh beag den teanga a fhoghlaim. Le ceardlann idirghníomhach tabharfar léargas ar stair na Gaeilge agus tabharfar léargas freisin ar staid reatha na teanga. Ina dhiaidh sin beidh deis ag cuairteoirí freastal ar rang samplach Gaeilge agus roinnt frásaí a fhoghlaim le tabhairt abhaile leo chuig a dtíortha féin.

Cuirfidh Conradh na Gaeilge críoch lena gcur i láthair le taispeántas damhsa ar an sean-nós lena múinteoirí Mairéad agus Máire Ní Chuaig agus beidh fáilte roimh dhamhsóirí eile páirt a ghlacadh chomh maith.

Léireoidh an Taibhdhearc seó speisialta darb ainm Seoda an Aigéin sa Phuball Siamsaíochta, ag a 5.00i.n. Beidh drámaíocht agus litríocht á chur i láthair ag Peadar Ó Treasaigh agus Séamus Ó hAodha, amhránaíocht le Seosamh Ó Flaithearta agus Delia Boyce le tionlacan ó Tom Cullivan agus léifear sleachta as an leabhar Béal Faoi, le hEnda Ó Coineen, Cathaoirleach, Let’s Do It Global.

Tabharfaidh an Dr. Críostóir Mac Cárthaigh, Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, caint sa Phuball Siamsaíochta, ag a 6.00i.n. bunaithe ar a leabhar Traditional Boats of Ireland, History, Folklore and Construction. Seolfar an leabhar Scéalta Eachtraíochta ó Bhádóirí / Abenteurliche Erzählungen von Fischern, leabhar dátheangach, Gaeilge agus Gearmáinis, ina bhfuil bailiúchán de scéalta ón gcéad seo caite i gCarna, Co. na Gaillimhe.

Beidh Crosbhóthar, taispeántas teilgthe le saothar físe agus téacs ó ealaíontóirí Gaeltachta curtha le chéile ag an ealaíontóir Andrew Duggan le feiceáil sa Global Village.

Chun críoch a chur le himeachtaí an lae, beidh ceolchoirm ollmhór ar phríomh-stáitse Volvo, Race Village, le hAltan, an grúpa ceoil idirnáisiúnta ó Ghaeltacht Dhún na nGall, agus aíonna speisialta ón nGaeltacht ina gcuideachta. Beidh an cheolchoirm a thosóidh ar 8.45i.n. saor in aisce don phobal.

Mar aon leis na himeachtaí seo uilig, beidh taispeántas grianghraf ag ceiliúradh capaillíní Chonamara ar siúl in Ionad Ealaíne na Gaillimhe, 47 Sráid Dominic, ón Luan 2, Iúil go dtí an Luan, 9 Iúil ón 10r.n. go dtí 5.30i.n.

http://www.advertiser.ie/galway

Foilsithe ar 5 Iúil / Foilsithe ar Gaelport.com - 5 Iúil 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

As na Nuachtáin: Plain sailing for festival revellers

Rás Aigéin Volvo i gCathair na dTreabh

As na Nuachtáin: Lá Gaelach an Volvo

 

 

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge



Galway Advertiser - Lár Sráide

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214