An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Bagairt don Ghaeilge sa ré dhigiteach

Bagairt don Ghaeilge sa ré dhigiteach

Ní sheasfaidh an Ghaeilge an ré dhigiteach gan gníomh práinneach, de réir staidéir nua atá foilsithe ag saineolaithe sa teicneolaíocht teanga.


Tugtar le fios sa tuarascáil gur beag an tacaíocht atá á chur ar fáil trí theicneolaíochtaí teanga don Ghaeilge i réimsí éagsúla: aistriúchán uathoibríoch; idirghníomhaíocht urlabhra; anailís ar théacs agus infhaighteacht acmhainní teanga ina measc.

Ag labhairt le Gaelport.com, dúirt comhordaitheoir an pháipéir Éireannach, Dr John Judge ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath go raibh na torthaí “an-scanrúil go deo”.

Is cosúil áfach nach í an Ghaeilge an t-aon teanga atá  faoi bhagairt sa ré dhigiteach.

Foilsíodh an tuarascáil , “ An Ghaeilge sa Ré Dhigiteach” mar chuid de shraith páipéar bán Meta-Net agus is é an tátal lom na fianaise go bhfuil ar a laghad 21 teanga Eorpach i mbaol.

Tugtar le fios nach raibh ach tacaíocht mheasartha ar fáil do theangacha móra na hEorpa, An Ollainnis, An Fhraincis agus an Ghearmáinis, an Iodáilis agus an Spáinnis ina measc.

Chomh maith leis sin níl ach tacaíocht bhriste ar fáil do theangacha cosúil leis an mBascais, an Bhulgáiris, an Ghréigis agus an Pholainnis.

Tá an stádas is láidre ag an mBéarla agus tá tacaíochtaí mhaithe ann don teanga i ngach réimse sa taighde.

I measc na samplaí is cáiliúla de bhogearraí teicneolaíochta teanga,  tá seiceálaithe litrithe agus gramadaí cúntóirí pearsanta idirghníomhacha ar ghutháin chliste, córais dilaóige agus córas aistriúcháin uathoibríocha. Cuidíonn na teicneolaíochta seo le daoine  le heolas a scaipeadh agus cabhraíonn sé  le daoine páirt a ghlacadh sa díospóireacht phoiblí in ainneoin constaicí teanga.

Dar leis an Dr Judge, “cuidíonn na teicneolaíochtaí  teanga le cleachtais ghnó níos éifeachtaí a chothú, bainistíocht níos fearr a dhéanamh agus rochtain níos fearr a fháil ar fhaisnéise”.

De réir an staidéir, tá impleachtaí níos tromchúisí ann ar leibhéal Eorpach  toisc go bhfuil béim níos mó ar thaighde agus forbairt na teicneolaíochta teanga sa Bhéarla agus go bhfuil acmhainní airgeadais gann go leor i láthair na huaire. Tugtar le fios chomh maith go bhfuil easpa soiléireachta sa bhfís taighde .

Déantar an chomparáid idir an ré dhigiteach agus tógáil an chlóphreasa sa cúigiú haois déag, tráth a ndeachaigh roinnt teangacha Eorpacha in éag mar gheall air chomh maith.

Ar na torthaí is mó atá luaite sa pháipéar bán, luaitear an tacaíocht easnamhach atá ann i réimse taighde na teicneolaíochtaí teanga.

Deir an Dr Judge go mbíonn sé “deacair teacht ar chéimithe a bhfuil spéis acu sna teicneolaíochtaí agus sna teangacha maraon ach chomh maith leis sin is cosúil nach bhfuil comhordú ar bun i réimse na teicneolaíochtaí teanga in Éirinn”.

Is amhlaidh go bhfuil tacaíocht easnamhach go leor in ainneoin go bhfuil boic mhóra  ó thionsclaíocht na teicneolaíochta teanga, Google, Microsoft agus IBM,  lonnaithe in Éirinn.

Tugann sé le fios go ndéantar forbairt agus taighde ar bhonn ad hoc agus nach bhfuil straitéis lárnach ann don Ghaeilge.

“ Tá easpa leanúnachais ar mhaoiniú taighde. Nuair a chuirtear deireadh le tionscadal taighde, cailltear an saineolas atá ag an duine sin. Is cosúil go bhfuil daoine mar sin ann sa phobal gan na tacaíochtaí atá de dhíth orthu”, a deir sé.

Anuas air sin, tugtar le fios go bhfuil dúshláin eile ann d’fhorbairt na teicneolaíochtaí teanga in Éirinn gan caighdeán labhartha don teanga; gan foclóirí fuaimnithe agus go gceaptar chomh maith gur beag an tairbhe a bheidh ann do chomhlachtaí  infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochta teanga don Ghaeilge

Cén ról a bheidh ag an stát i bhforbairt na teicneolaíochta seo mar sin? Deir an Dr Judge go raibh páirt ag Foras na Gaeilge sa taighde le dhá bhliain anuas, ach feictear dó nach bhfuil an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge téagartha go leor sa réimse seo.

Cuireadh an páipéar bán le chéile i gcomhpháirt le Ailbhe Ní Chasaide (ITUT- Centre for Speech and Language Technology for Irish, Coláiste na Trionóide); Rose Ní Dhubhda (NUIG); Kevin P Scannell (Saint Louis University) agus Elaine Uí Dhonnchadha ( ITUT).

Tá fáilte curtha ag Aire Stáit na Gaetachta Dinny McGinley TD roimh fhoilsiú na tuarascála, “ is léir gur fiú a bhfuil sa pháipéar seo a léamh go cúramach agus machnamh ceart a dhéanamh air”, dar leis.

D’iarr Coimisiún na hEorpa ar an ngréasán taighde Meta-Net measúnú a dhéanamh ar leibhéal na tacaíochtaí teanga agus seolfar torthaí an taighde sa Pholainn inniu ar Lá Eorpach na dTeangacha.

© Foilsithe ar Gaelport.com 26 Meán Fómhair 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Aiséirí na Taibhdheirce

Feirm Factor thar sáile

Tuíteáil as Gaeilge: Fáilte roimh chách ag an #Gtuít

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge



le Niamh Ní Shúilleabháin. Gaelport.com

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214