An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Maith sibh!

Maith sibh!

Chuir Meitheal Mhaighe (Comharchumann Mhaighe) bróisiúr amach ar na mallaibh a chuireann síos ar imeachtaí agus ar eagraíochtaí sa cheantar.


Tháinig athruithe móra ar Mhagh le déanaí. Tá a lán daoine as baile amach ina gcónaí sa sráidbhaile agus tá sé i bhfad níos mó ná mar a bhí sé. Ní mór pobal nua a chruthú agus tá áiseanna nua de dhíth. Fuair an Comharchumann léas ar Halla Mhuire roinnt blianta ó shin. Cóiríodh an halla.

Tógadh áisionad agus fortheach. Rinneadh seomra breá nua as an spás faoin stáitse. Bronnadh páirc go fláithiúil ar an Chomharchumann agus thosaigh obair ar pháirc shúgartha. Más mian leat a bheith i do thiarna talún, thig leat ‘méadar de Mhagh’ a cheannach le cuidiú leis an tionscnamh seo! Bíonn imeachtaí ar siúl sa halla gach lá den tseachtain beagnach – clubanna do gach aoisghrúpa, grúpa súgartha, biongó, ranganna damhsa, ranganna ríomhaireachta, agus ranganna Gaeilge. Tá sé ar intinn ag an ghrúpa teanga, Glór Mhaighe, ceardlanna a eagrú do dhaltaí scoile agus do thuismitheoirí sa bhliain úr. Bíonn Féile Mhaighe ar siúl gach samhradh agus bíonn an coiste iontach gnóthach i rith na bliana, ag iarraidh an ócáid a fhorbairt. Cosúil le heagraíocht ar bith eile, tá daoine de dhíth ar Mheitheal Mhaighe le cuidiú leis an obair leanúnach. Tá sé an-doiligh daoine a mhealladh amach na laethanta seo mar go bhfuil gach áis sa teach- guthán, teilifís, ríomhaire srl. Ní gá duit dul amach ag siopadóireacht, fiú: tiocfaidh an veain chugat leis an ordú. Sa sean-am stopadh daoine sa tsráid le comhrá a dhéanamh; anois séideann siad an adharc ag tiomáint thart. Mar sin de, tá sé níos deacra pobal a chaomhnú. Tá Magh ag tabhairt dea-shampla don tír ar fad. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar imeachtai sa sráidbhaile ar an suíomh idirlín a sheolfar sa halla anocht: www.muffcommunityforum.ie.

Comhghairdeas le Conradh na Gaeilge, Glaschú, a d’eagraigh dianchúrsaí Gaeilge den scoth sa chathair an deireadh seachtaine seo caite, le teagascóirí as Dún na nGall agus Doire.

 

http://www.derryjournal.com/

Foilsithe ar 16 Samhain 2012 / Foilsithe ar Gaelport.com - 19 Samhain 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

As na Nuachtáin: Buncrana-born Margaret is Britain’s ‘Hibernian Hero’

As na Nuachtáin: Young want secular State and more focus on Irish

As na Nuachtáin: President praises youth declaration

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge



Derry Journal - Liam McLaughlin

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214