An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Aerfort na Sionainne ag lorg tuairimí maidir lena bheartas Gaeilge

Aerfort na Sionainne ag lorg tuairimí maidir lena bheartas Gaeilge

Tá Aerfort na Sionainne ag lorg tuairimí ón bpobal i láthair na huaire maidir leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí mheán na Gaeilge dá chustaiméirí.


Cuireann Aerfort na Sionainne fáilte roimh aighneachtaí maidir le hullmhú na dréachtscéime ó aon pháirtithe leasmhara.

Is féidir aighneachtaí a sheoladh go leictreonach chuig teanga@shannonairport.ie nó tríd an bpost chuig:

Nial O’Maoldomhnaigh
Ceann Oibríochtaí agus Seirbhísí,
Údarás Aerfort na Sionainne,
An tSionainn,
Co. an Chláir

Is é an dáta deireanach d’aighneachtaí a bheith faighte ná 5.00 pm ar an Aoine, an 29 Márta 2013.

Tá eolas maidir le mandáid agus an ról/na seirbhísí arna soláthar ag Aerfort na Sionainne ar fáil ar www.shannonairport.ie

Aighneachtaí
Is cabhair mhór do na comhlachtaí poiblí iad na haighneachtaí ón bpobal. Is féidir leis na comhaltaí poiblí mianta an phobail i leith na seirbhísí a theastaíonn uatha a mheas ón aschur a fhaigheann siad. Is féidir díriú ar cíbe seirbhís ón gcomhlacht poiblí sna haighneachtaí lena n-áirítear

• Cumas Dátheangaigh Reatha an chomhlachta phoiblí
• Tairiscint ghníomhach agus cothú éilimh
• Polasaí Earcaíochta agus Socrúcháin an chomhlachta phoiblí – Poist a chur ar leataobh
• Rochtain ar cháipéisíocht / foirmeacha iarratais
• Comharthaíocht agus feiceálacht na Gaeilge ar an láthair oibre
• Cruinnithe Poiblí
• Riachtanais teanga sa Ghaeltacht
• Láithreán Gréasáin
• Córas Measúnaithe ar bhaint amach na spriocanna sa scéim
• Monatóireacht agus tuairisciú ar dhul chun cinn
• Poiblíocht ar an Scéim Chomhaontaithe.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 11 Márta 2013

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Scéim Teanga úr do Chomhairle Contae Átha Cliath Theas

Iarratas ar Aighneachtaí - Údaráis Áitiúla Dhún na nGall

Síneadh ama tugtha d’eagrais Ghaeilge

Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter.com: #gaeilge



Le Clár Johnston, Gaelport.com

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214