An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Comórtas Peile na Gaeltachta

Comórtas Peile na Gaeltachta

Le deireadh seachtaine na Cincíse buailte linn beidh Cumainn pheile ó Chonamara ag tabhairt aghaidhe ó dheas ar Ghaeltacht na Rinne i gContae Phort Láirge áit a mbeidh Comórtas Peile na Gaeltachta na bliana seo ar siúl.


Ina iomláin imreofar breis agus scór cluiche ón am a chaithfear isteach an liathróid sa chéad chluiche tráthnóna amárach go dtí go mbronnfaidh an tAire Stáit Gaeltachta an corn ar bhuaiteoirí an comórtas sinsir tráthnóna Dé Luain.
Roimhe sin ar an Luan imreofar cluiche craoibhe na sóisir agus cluiche craoibhe comórtas na mBan.

Is deireadh seachtaine mór siamsaíochta í Comórtas Peile na Gaeltachta freisin agus tá réimse leathan imeachtaí eagraithe ag an gCumann Peile áitiúil chun freastal ar na sluaite a bheidh ag tarraingt ar Rinn Ó gCuanach.

Beidh tarraingt na meáin ar Ghaeltacht na Déise chomh maith, agus beidh craoladh agus tuairiscí beo le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta ar na cluichí ar fad, chomh maith le blaiseadh den spórt agus an spraoi a bhaineann leis an bhféile.

Déanfaidh TG4 craoladh ón Rinn freisin agus beidh na cluichí craoibhe á craoladh beo acu ar an Luan.

http://www.advertiser.ie/galway

Foilsithe ar 30 Bealtaine 2013 / Foilsithe ar Gaelport.com 30 Bealtaine 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Cearta craoltóireachta rugbaí go heisiach ag TG4 do Mhí Meitheamh


Buaiteoirí an Chomórtais Ealaíne Pan Cheilteach

Aimsigh agus labhair le Gaeilgeoirí ar fud na cruinne ar do ghuthán cliste

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge
.



Galway Advertiser - Lár Sráide, Peadar Mac Fhlannchadha

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214