Bhunaigh Conradh na Gaeilge Ógras i 1969 le deis a thabhairt do dhaoine óga teacht le chéile mar ghasraí/chlubanna a bheadh ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge.
Tá cuspóirí tábhachtacha ag Ógras: cuidiú le hathréimiú na Gaeilge; deiseanna a thabhairt don óige Gaeilge a labhairt agus cuidiú leo iad féin a fhorbairt mar dhaoine agus mar threoraithe i measc an phobail.
Tá forbairt mhór tagtha ar Ógras ó bunaíodh é. Le bunú Óg-Ógras bhíothas in ann freastal ar dhaltaí bunscoile freisin. Tá go leor gasra ag Ógras, tá siad an-ghníomhach sna Gaeltachtaí agus timpeall na tíre ar fad. Tá níos mó imeachtaí náisiúnta agus réigiúnacha á reáchtáil anois do ghasraí d'óg Ógras ná riamh cheana. Tá cúigear fostaithe faoi láthair chun obair Ógras a chur chun cinn.
Le cúpla bliain anuas tá fás mór taghta ar líon na dáltaí atá ag freastal ar Champaí Samhraidh Ógras. I 2010 bhí 22 campa á reachtáil timpeall na tíre.
Cathaoirleach: Brendan Ó Cathasaigh
Riarthóir: Maedhbh Ní Dhónaill
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Teil : (01) 4751487 / 4783913
Ríomhphost: eolas@ogras.ie
www.ogras.ie