Reachtaíocht Teanga
Éire
Bunreacht na hÉireann 1937
Tá stádas na Gaeilge i bPoblacht na hÉireann leagtha síos i mBunreacht na hÉireann, 1937.
Deir Airteagal 8 den Bhunreacht:
1.Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í.
2.Glactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile.
3.Ach féadfar socrú a dhéanamh le dlí d’fhonn ceachtar den dá theanga sin a bheith ina haonteanga le haghaidh aon ghnó nó gnóthaí oifigiúla ar fud an Stáit ar fad nó in aon chuid de.
Ciallaíonn sé sin go bhfuil sé de cheart ag daoine an Ghaeilge a labhairt agus a úsáid sa Stát. Lena chois sin ceadaíonn sé an Ghaeilge a úsáid agus duine ag plé le húdaráis an Stáit agus le ranna rialtais.
Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003
Cúlra agus Eolas Bunúsach
Is é an tAcht seo an chéad phíosa reachtaíochta ina leagtar síos próiseas pleanála reachtúil chun a chinntiú go gcuirfear seirbhísí ar fáil sa Ghaeilge i bPoblacht na hÉireann.
Is é príomhchuspóir an Achta ná soláthar níos mó de sheirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil ón seirbhís phoiblí ar chaighdeán níos airde. Bainfear é seo amach go príomha trí dhualgas reachtúil a chur ar Ranna Stáit agus ar chomhlachtaí poiblí a leithéid de sheirbhísí a sholáthar ar bhealach comhtháite trí chreat pleanála reachtúil, ar a dtugtar "scéim" a bheidh le hathnuachan gach 3 bliana le haontú an Aire agus ceann an chomhlachta phoiblí i gceist.
Leagtar síos san Acht gur féidir leis an Aire treoirlínte a ullmhú agus a eisiúint chuig chomhlachtaí poiblí chun cuidiú leo dréacht-scéim teanga a ullmhú. Fanfaidh na scéimeanna i bhfeidhm ar feadh tréimhse 3 bliana agus ina dhiaidh sin caithfear iad a athnuachan. Úsáidfear an próiseas seo chun feabhas suntasach chéimiúil a bhaint amach, thar tréimhse, ar leibhéal na seirbhísí trí Ghaeilge a chuirfear ar fáil.
Ina theannta sin, sonraítear roinnt forálacha ginearálta bunúsacha san Acht a mbeidh feidhm coitianta leo, mar shampla, comhfhreagras i dteanga oifigiúil a fhreagairt sa teanga oifigiúil chéanna, faisnéis a thabhairt don phobal i nGaeilge, nó i nGaeilge agus i mBéarla, foilseacháin dhátheangacha de dhoiciméid thábhachtacha áirithe agus úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.
Cearta faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Deimhníonn Acht na dTeangacha Oifigiúla go bhfuil na cearta seo a leanas ag an bpobal:
- Tá sé de cheart ag an bpobal a bheith ag súil go gcloífidh comhlachtaí poiblí le haon rialachán a dhéantar faoin Acht seo i dtaca le húsáid na Gaeilge i gcomharthaíocht, stáiseanóireacht agus fógairtí taifeadta béil (Alt 9(1) den Acht).
- Tá sé de cheart ag an bpobal freagraí a fháil i nGaeilge ó chomhlachtaí poiblí ar chomhfhreagras tríd an bpost nó trí ríomhphost a scríobhtar sa teanga sin (Alt 9(2) den Acht).
- Tá sé de cheart ag an bpobal a bheith ag súil go gcuirfidh comhlachtaí poiblí faisnéis (mar shampla cora poist) chuig an bpobal i gcoitinne nó chuig aicme den phobal i gcoitinne, tríd an bpost nó trí ríomhphost, i nGaeilge nó go dátheangach (Alt 9(3) den Acht).
- Tá sé de cheart ag an bpobal a bheith ag súil go bhfoilseoidh comhlachtaí poiblí doiciméid thábhachtacha ar leith, atá deimhnithe sa reachtaíocht, go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla, ina measc, aon doiciméad ina leagtar amach tograí beartais phoiblí, aon tuarascáil bhliantúil, aon chuntas iniúchta nó ráiteas airgeadais, agus ráitis straitéise áirithe (Alt 10 den Acht).
- Tá sé de cheart ag duine aon ghnó a bheadh aige nó aici os comhair Thithe an Oireachtais nó os comhair coistí, fochoistí agus/nó comhchoistí de chuid an Oireachtais a dhéanamh trí Ghaeilge (Alt 6 den Acht).
- Tá sé de cheart ag an bpobal a bheith ag súil go bhfoilseofar gach Acht den Oireachtas a achtaíodh ó mhí Iúil 2006 go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla a luaithe agus is féidir tar éis a achtaithe (Alt 7 den Acht).
- Tá sé de cheart ag an bpobal an Ghaeilge a úsáid in aon chúirt nó i ngnóthaí cúirteanna (Alt 8 den Acht).
- Tá sé de cheart ag an bpobal a bheith in ann leas a bhaint as gach seirbhís trí Ghaeilge atá comhaontaithe i scéim teanga ag comhlachtaí poiblí. San áireamh anseo tá na forálacha i scéimeanna ar leith a bhaineann le ceantair Ghaeltachta.
- Tá sé de cheart ag an bpobal a bheith ag súil go bhfiosróidh an Coimisinéir Teanga aon ghearán bailí uathu sa chás ina gcreidtear go bhfuil teipthe ar chomhlachtaí poiblí a ndualgais a chomhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, faoi aon rialachán atá déanta faoin Acht agus/nó faoi aon scéim atá daingnithe le comhlachtaí poiblí faoin Acht. Tá sé de cheart ag an bpobal freisin a bheith ag súil go bhfiosróidh an Coimisinéir Teanga aon ghearán bailí ina líomhnaítear nach bhfuil foráil d’aon achtacháin eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge á comhlíonadh.
- Tá sé de cheart ag an bpobal a bheith ag súil go bhfaighidh siad comhairle ó Oifig an Choimisinéara Teanga maidir lena gcearta teanga faoin Acht (Alt 21 den Acht).
Tá tuilleadh eolais faoin Acht ar fáil ón Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta agus Oifig an Choimisinéara Teanga
Scéimeanna Teanga
Déantar cur síos i Scéim Teanga ar na seirbhísí a bheartaíonn an comhlacht poiblí a sholáthar trí Ghaeilge amháin, trí Bhéarla amháin nó go dátheangach agus na céimeanna a bheartaíonn an comhlacht a ghlacadh chun a chinntiú go gcuirfear ar fáil trí Ghaeilge na seirbhísí sin nach bhfuil á soláthar trí Ghaeilge. Maireann tréimhse na scéime ar feadh trí bliana.
Tá os cionn 160 Scéim Teanga i bhfeidhm anois agus beidh comhlachtaí poiblí eile ag ullmhú scéimeanna a de réir a chéile. Anuas ar sin tá comhlachaí Stáit áirithe ag ullmhú dara scéimeanna faoin Acht. Ciallaíonn sé sin go bhfuil tréimhse na chéad scéime thart agus de réir Alt 15 den Acht caithfidh an comhlacht poiblí scéim nua a chur i dtoll a chéile.
Nuair a bhíonn comhlacht poiblí ag ullmhú scéime fógraítear ar Gaelport.com é agus sna meáin.Mar chuid den bpróiseas caithfidh na Comhlachtaí Poiblí seo dul i gcomhairle leis an bpobal i gcoitinne agus bíonn aighneachtaí á lorg acu. Is féidir le haon saoránach aighneacht a scríobh agus a chur ag an gcomhlacht poiblí roimh an spriocdháta cuí.
Déanann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge anailís ar réimse oibre an chomhlachta poiblí sular gcuirtear aighneachtaí ar aghaidh chuig an gcomhlacht i gceist. Má tá bearna faoi leith sna seirbhísí Ghaeilge a sholáthraítear is fearr moltaí a chur ag aghaidh ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge nó aighneacht a sheoladh chuig an gcomhlacht poiblí atá ag ullmhú scéime.
Tá aighneacht samplach ar fáil anseo:
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath - Leagan Deiridh.doc
Is féidir scéimeanna teanga comhaontaithe a scrúdú ar shuíomh gréasáin An Coimisinéir Teanga
Tá Aighneachtaí á lorg ag na Comhlachtaí Poiblí seo a leanas anois:
Coiste Gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath
Spriocdháta: 31 Bealtaine 2010
Údaráis Áitiúla an Chláir
Spriocdháta: 25 Meitheamh 2010
Údaráis Áitiúla Chontae Chorcaí
Spriocdháta: 25 Meitheamh 2010
Tuaisceart Éireann
I láthair na huaire níl Reachtaíocht Teanga i dTuaisceart Éireann.
Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge mar bhall bunaidh den Ghrúpa Comhordaithe ar Acht na Gaeilge Tuaisceart Éireann. Tá an grúpa seo atá faoi chathaoirleacht POBAL ann le comhoibriú ar bhonn uile-Éireann a chothú i measc na n-eagrais chur chun cinn na Gaeilge agus pobal na Gaeilge araon le samhail reachtaíochta soiléir agus comhaontaithe, lena n-áirítear cuinsí ar leith na Gaeilge ó thuaidh chomh maith leis an chleactas is fearr idirnáisiúnta, a chur chun tosaigh maidir le hAcht na Gaeilge do Thuaisceart Éireann.
Reachtaíocht Teanga i dTíortha Eile
Má tá spéis agat i gcearta teanga ar fud an domhain, tá naisc thíos ag Reachtaíocht ó Cheanada, ón Albain agus ón Bhreatain Beag. Ina theannta sin tá nasc ag an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Shibhialta agus Polaitiúla, 1966.
Albain
The Gaelic Language(Scotland) Act,2005
Tuilleadh Eolais: Bord na Gaidhlig
An Bhreatain Bheag
The Welsh Language Act, 1993
Tuilleadh Eolais anseo
Ceanada
Coinbhinsiúin Idirnáisiúnta:
Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Shibhialta agus Polaitiúla,1966
Cláraigh don Nuachtlitir
Vótáil
Céard é an áit is minicí ina labhraíonn tú Gaeilge?