I mí Meán Fómhair 2009, d’iarr Foras na Gaeilge ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge an 19 eagras bunmhaoinithe a thabhairt le chéile le hidirphlé a dhéanamh maidir le:
1. Fís agus Moltaí na n-eagras maidir leis an earnáil agus todhchaí na Gaeilge
2. Aiseolas na 19 eagras ar an bpróiseas maoinithe
Ceapadh comhairleoir chuige seo, a chuaigh i mbun taighde ar 19 eagraíocht bhunmhaoinithe agus 21 eagraíocht eile a bhí ionadaíoch ar réimsí uile na hearnála sa dá dhlínse. I measc na bpríomhthátal a fuarthas ón taighde sin bhí na nithe a leanas: Príomhthátail
1. Aontú an-ard i measc na n-eagraíochtaí
2. Flosc chun athraithe – san earnáil agus i bhForas na Gaeilge
3. Gá le struchtúrú nua san earnáil agus sa bhForas agus sa choibhneas i gcoitinne idir an earnáil agus na ‘Stáit’ thuaidh agus theas.
4. Gá le tuiscint nua a bhaint amach maidir le tábhacht agus seasamh agus íomhá na hearnála i measc na scairshealbhóirí uile.
5. Gá le neamhspleáchas, le comhphleanáil, agus le cur chuige nua ó thaobh maoinithe.
6. Gá le láidreachtaí agus laigí na hearnála a aithint, chomh maith le laigí Fhoras na Gaeilge, agus le laigí na ‘Stát’.
Tugadh léiriú bunaithe ar an taighde ag seimineár d’eagraíochtaí na hearnála ar an 17 Nollaig 2009, agus ag eascairt as an seimineár sin, bunaíodh Meitheal Oibre.
Mar ghnó don Mheitheal Oibre bhí anailís a dhéanamh ar thuairisc an Chomhairleora ar thorthaí na n-agallamh le heagraíochtaí na hearnála deonaí agus na moltaí a pléadh le linn an tseimineáir ar an 17 Nollaig 2009 agus cáipéis a ullmhú ina leagfaí amach treoirphrionsabail maidir leis na nithe seo leanas a cheapadh:
1. Córas maoinithe earnáil na Gaeilge
2. Modhanna cumarsáide san earnáil
3. Struchtúr comhoibrithe
Le linn chruinnithe ar an Iúr ar an 11 Feabhra 2010, aontaíodh ar na treoirphrionsabail thuasluaite, agus cuireadh na treoirphrionsabail seo ar fáil d’fhoras na Gaeilge le linn chruinnithe ar an 12 Feabhra 2010. Tá cóip de na treoirphrionsabail seo ar fáil ag an nasc thíos. I dTreo na Físe - Tuairisc na Meithle Oibre - Feabhra 2010 - Treoirphrionsabail Aontaithe.pdf
Ábhair eile bainteach leis seo:
Cur I Láthair - Helen Ó Murchú - 17 12 09.pdf
Cur i Láthair - Seán Mistéil - 17.12.09.pdf
Achoimre ar Thorthaí Taighde don Ghrúpa Oibre - Eanáir 2010.doc
Léarscáil d'Earnáil Dheonach na Gaeilge timpeall na tíre.
Miontuairiscí an Ghrúpa Oibre