Cláraigh don Nuachtlitir

 
 


 

Seirbhísí Eolais

Togra de chuid Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge is ea Gaelport.com,  príomhshuíomh eolais na Gaeilge.

Ar an láithreán Gréasáin seo,  bíonn an nuacht is déanaí mar a bhaineann sé leis an nGaeilge chomh maith le folúntais, eolas faoi ranganna Gaeilge, cúrsaí oiliúna, imeachtaí , folúntais san earnáil agus fógraí poiblí.

Cuireann Gaelport.com fáilte i gcónaí roimh scéalta agus fógraí ó phobal na Gaeilge in Éirinn agus thar sáile- seol an t-eolas agus íomhánna chuig eolas@gaelport.com.

Anuas air sin, scaiptear nuachtlitir leictreonach ar shíntiúsóirí gach coicís. Is é ‘Eolas’ an teideal atá ar an nuachtlitir ildaite chuimsitheach seo a scaiptear saor in aisce chuig breis agus 6,700 síntiúsóir gach dara Máirt. 

Gach lá scaiptear ‘As Na Nuachtáin’,  achoimre laethúil ar na scéalta is mó a bhaineann leis an nGaeilge atá foilsithe sna meáin náisiúnta agus áitiúla. Arís, is seirbhís leictreonach atá i gceist le ‘As na nuachtáin’ agus is  seirbhís fíor-áisiúil í do dhaoine atá ag obair in earnáil na Gaeilge agus do gach aon duine a bhfuil suim acu i gcúrsaí reatha agus i gceisteanna teanga.

Cuireann an Chomhdháil an tseirbhís eolais, ‘Cogar’ ar fáil do chraoltóirí raidió i gcomhar le hÚdarás Craolacháin na hÉireann. Tá tuilleadh eolais faoi Cogar agus an nuachtlitir leictreonach a scaiptear gach mhí ar fáil ar Cogar.ie.

Le tamall anuas,  tá an Chomhdháil ag obair i gcomhpháirt le Foinse a fhoilsítear san Irish Independent gach Céadaoin. Cuireann an Chomhdháil ailt a bhaineann le obair na n-eagras agus  ceiseanna teanga ar fáil don nuachtán don mhír ‘Nuacht na hEarnála.’

Fógraíocht agus Poiblíocht

Cuirtear fáilte i gcónaí roimh scéalta agus grainghraif. Déan teagmháil le eolas@gaelport.com

@Gaelport - Beo ar Twitter:

© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214