An Nuacht is déanaí le Gaelport.com
Fiúntas Eacnamaíochta na Gaeilge
Léirigh aoi-chainteoir Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge Fionnbarra Ó Brolcháin an ríthábhacht a bhaineann leis an nGaeilge a chur ag croílár fiontraíocht nuálaíoch na hÉireann amach anseo ag oscailt na hArd-Fheise san Óstán Abbey Court, an tAonach, Co. Thiobraid Árann oíche Aoine 08 Bealtaine 2009.
Thug an geilleagraí agus comh-údar an leabhair Capitalising on Culture, Competing on Difference Fionnbarra Ó Brolcháin óráid dár teideal Fiúntas na Gaeilge sa Ré Nuálaíoch – Ról Radacach don Chonradh Dé hAoine, 08 Bealtaine. Is é Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann an téama tráthúil a roghnaigh an eagraíocht don Ard-Fheis i mbliana. Conas an tairbhe ghnó is mó a bhaint as an nGaeilge agus as féiniúlacht chultúrtha na tíre a bheidh faoi chaibidil thar an deireadh seachtaine.
Dúirt an tOllamh Fionnbarra Ó Brolcháin: “Ní leor acmhainní inláimhsithe mar airgead agus teicneolaíocht amháin chun muid a tharrtháil ón gcúlú eacnamaíochta seo: braitheann buntáiste iomaíoch inbhuanaithe na hÉireann ar a bheith éagsúil, ar a bheith uathúil. “I sochaí atá níos domhandaithe ná riamh, níl gné níos uathúla ná níos éagsúla dínn ná ár dteanga dhúchais; an teanga dhúchais a dheineann muid a shainiú mar phobal nuálaíoch ar leith, mar phobal féinmhuiníneach ar leith – pobal nach bhfuil a leithéid ar fáil aon áit eile – agus ar an mbonn sin is fearr is féidir fiontraíocht agus buntáiste iomaíoch a chothú in Éirinn sa ré nuálaíoch.”
Dúirt an tOllamh Fionnbarra Ó Brolcháin go dtugann beartais a aithníonn nádúr and mothúcháin na sochaí – an dúchas a thiomáineann cúrsaí gnó na tíre - buntáiste iomaíoch inathraithe do thír i ré na nuálaíochta, agus go bhfuil ról tábhachtach ag Conradh na Gaeilge maidir leis an teanga a chur ag croílár na mbeartas nua seo agus forbairtí fiúntacha eacnamaíochta a chothú astu.
Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Tá an Conradh lán-ullamh an deis a thapú agus tabhairt faoin dúshlán a chuir Fionnbarra os ár gcomhair anocht, d’fhonn buntáiste iomaíoch na hÉireann a fhréamhú i bhféiniúlacht chultúrtha na tíre agus sa teanga Ghaeilge; mar seo a thiocfaimid ar shlite úra fiontraíochta agus forbartha gnó don ré nuálaíoch, chun go dtiocfaimis slán as an gcúlú eacnamaíochta.”
Cláraigh don Nuachtlitir
Vótáil
Céard é an áit is minicí ina labhraíonn tú Gaeilge?