Skip to main content

An Nuacht is déanaí le Gaelport.com


Reachtaíocht Teanga Sáraithe ag 6 gcinn de ranna rialtais

Reachtaíocht Teanga Sáraithe ag 6 gcinn de ranna rialtais

Cinneadh gur sháraigh 6 cinn de ranna rialtais agus 6 ghníomhaireacht stáit eile reachtaíocht a bhfuil sé mar aidhm aici an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn le linn na bliana seo caite, dar le tuarascáil bhliantúil 2008 ó Oifig an Choimisinéara Teanga a foilsíodh inniu.


Rinne baill den phobal beagnach 600 gearán nua leis an gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, maidir le deacrachtaí teacht ar sheirbhísí stáit trí mheán na Gaeilge le linn na bliana.

“Is laghdú de cheathair faoin gcéad é seo ar an mbliain roimhe sin agus cé gur laghdú beag atá ann, cuirimid fáilte roimhe,” a dúirt an tUasal Ó Cuirreáin. Léirínn an tuarascáil méadú suntasach ar líon na n-imscrúduithe foirmiúla a sheol a Oifig nuair a theip ar iarrachtaí neamhfhoirmiúla réitithe gearán.

“Cuireadh críoch le 17 imscrúdú foirmiúil le linn 2008, rud a chiallaíonn go raibh tuarascáil fhoirmiúil ar imscrúdú á heisiúint ag m’Oifig ar an meán uair gach trí seachtaine le linn na bliana,” dar leis an gCoimisinéir Teanga. Ba iad na ranna rialtais a sháraigh forálacha reachtúla teanga ná an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, agus an Roinn Iompair.

Fuarthas tuilleadh sáruithe ar dhualgais teanga sna heagraíochtaí stáit seo a leanas: An Chomhairle Oidhreachta, an tÚdarás Comhionannais, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Iarnród Éireann, an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta agus an Chomhairle um Thaighde sna Dána agus sna hEolaíochtaí Sóisialta.

“De ghnáth bhain na sáruithe le ceisteanna ar leith seachas le comhlíonadh dualgais reachtúla teanga go ginearálta. Níor chóir glacadh leis gurbh ionann teip cloí le gné amháin den reachtaíocht agus faillí ghinearálta i ndualgais teanga i gcoitinne,” a dúirt an tUasal Ó Cuirreáin.

Tháinig trian de na gearáin a rinneadh leis an gCoimisinéir Teanga anuraidh ó cheantair Ghaeltachta. Ar bhonn réigiúnach, tháinig 38% de na gearáin ó Chontae Bhaile Átha Cliath agus tháinig 22% ó Chontae na Gaillimhe. Chomh maith lena feidhm mar sheirbhís ombudsman, gníomhaíonn Oifig an Choimisinéara Teanga mar áisíneacht ghéilliúlachta maidir le dualgais teanga in eagraíochtaí stáit. Le linn 2008, rinneadh 42 iniúchadh ar 74 comhlacht poiblí chun a chinntiú go raibh siad ag cloí le dualgais reachtúla teanga.

Ábhar Imní Dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, gurbh ábhar imní dó go raibh gné amháin d’Acht na dTeangacha Oifigiúla nach raibh á cur chun cinn chomh réidh is a rabhthas ag súil leis. Ní raibh “scéimeanna” teanga nua nó pleananna teanga reachtúla nua daingnithe faoi dheireadh 2008 i gcás aon cheann den 22 eagraíocht stáit a raibh a gcéad scéim teanga trí bliana imithe in éag.

Chuir an Coimisinéir Teanga in iúl don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta gur chreid sé go raibh folús á chruthú nach raibh ag teacht le forálacha an Achta ná leis na rialacháin reachtúla a rinneadh faoin Acht. Faoin reachtaíocht, caithfidh comhlachtaí poiblí leanúint orthu ag soláthar seirbhísí trí Ghaeilge de réir na ngealltanas atá tugtha acu ina gcéad scéim teanga ach níl aon dualgas orthu na seirbhísí sin a fhorbairt in aon slí in éagmais scéim teanga úr.

“Chuir mé in iúl don Roinn go raibh imní orm go raibh an baol ann go bhféadfadh sé go gcaillfeadh an tionscnamh ina iomláine an luas a bhí faoi, rud a d’fhéadfadh a bheith ina bhuille an-mhór,” a dúirt an Coimisinéir Teanga. I bhfreagra atá foilsithe sa tuarascáil bhliantúil, dúirt an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go raibh sé féin agus a Roinn chomh tiomanta is a bhí riamh maidir le forálacha an Achta a chur i bhfeidhm agus na spriocanna a bhain leis a bhaint amach. Costais Agus é ag tagairt do na hathruithe san aeráid eacnamaíoch, dúirt an Coimisinéir Teanga gur cheart cur chuige stuama a ghlacadh i gcónaí chun an costas a bhaineann le seirbhísí dátheangacha a sholáthar a choinneáil faoi smacht, d’ainneoin gur chreid sé nach bhféadfaí nó nár cheart breathnú ar an tacaíocht atá de dhíth don Ghaeilge mar ábhar roghnach breise.

“Is buanchearta iad cearta teanga; ní lamháltais ná pribhléidí iad a thugtar le linn aimsir na flúirse. Níl luach níos lú leis an gcoincheap a bhaineann le cearta agus le comhionannas nuair is i gcomhthéacs teanga é,” a dúirt sé.

“Lean m’Oifig ag cur comhairle ar eagraíochtaí stáit maidir le bealaí chun costais a smachtú gan laghdú a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí d’ardchaighdeán trí Ghaeilge. I measc na moltaí a rinneadh bhí leas níos forleithne a bhaint as seirbhísí ar líne agus as seirbhísí idirlín; foilsiú ábhair dhátheangaigh don phobal go leictreonach seachas i bhfoirm chlóite; earcú foirne le cumas i nGaeilge agus i mBéarla seachas ceapachán foirne le cumas i dteanga amháin; agus comhoibriú breise idir eagraíochtaí gaolmhara agus iad ag forbairt a gcuid seirbhísí trí Ghaeilge,” a dúirt sé

Tá an tuarascáil bhliantúil foilsithe go príomha i bhfoirm leictreonach agus tá sí ar fáil ar www.coimisineir.ie



Cláraigh don Nuachtlitir

Cláraigh do Sheirbhísí Eolais na Comhdhála

Ainm:
R-Phoist:

Vótáil

Céard é an áit is minicí ina labhraíonn tú Gaeilge?

san obair
i gciorcal comhrá
sa bhaile
le mo chairde
ag ranganna Gaeilge
©1995-2009 Gaelport™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 - Fón: +353 1 6794780 - Facs: +353 1 6790214