Skip to main content

An Nuacht is déanaí le Gaelport.com


Athbhreithniú ar an gCaighdeán

Athbhreithniú ar an gCaighdeán

Stiúrthóir nua le tabhairt faoi athbhreithniú ar litriú agus gramadach na Gaeilge. D’fhéadfadh go mbeidh Caighdeán Oifigiúil nua don Ghaeilge ann taobh istigh de bhliain agus athbhreithniú le déanamh ar na rialacha litrithe agus gramadaí atá i réim le daichead bliain anuas.


 Beidh an t-athbreithniú ar an gCaighdeán, atá i réim gan athrú ó 1958, i measc dhualgaisí an Stiúrthóra ar Sheirbhísí Aistriúcháin, post nua a d’fhógair an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le déanaí. Is sa leabhrán eolais a ghabhann le fógra an phoist nua a ríomhtar na cúraimí a bheidh ar an Aonad nua a bhunófar faoi stiúir an té a cheapfar. I measc na gcúram sin tá athbhreithniú ar an gcaighdeán gramadaí agus litrithe Gaeilge a leagadh síos i 1958.

Bhí conspóid ag baint leis an gCaighdeán ó thús, go háirithe mar gheall ar aighnis a bhain leis an suntas, nó easpa suntais, a thug sé do na canúintí. Iarracht a bhí ann caint na ndaoine a chaighdeánú agus an Ghaeilge a chur ar chomhchéim le teangacha eile. Ba é cuspóir an Chaighdeáin ná rialacha gramadaí agus litrithe a thabhairt isteach a bheadh dílis do chaint na ndaoine agus d’fhoinsí stairiúla agus riachtanais nua na teanga araon. Tá molta go minic ag scoláirí agus tráchtairí éagsúla go ndéanfaí athbhreithniú ar an gCaighdeán agus go háirithe go ndéanfaí simpliú ar na rialacha gramadaí ann. An bhliain seo caite thug Aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív le fios go raibh sé chun iarraidh ar Fhoras na Gaeilge, an eagraíocht teanga thrasteorann, athbhreithniú a dhéanamh ar ghnéithe den Chaighdeán Oifigiúil.

Thug an tAire Ó Cuív an méid sin le fios i ndiaidh do Choimisinéir Ilteangachais an AE, Leonard Orban, ceisteanna a ardú faoi na deacrachtaí éagsúla, dar leis, a bhain leis an gCaighdeán Oifigiúil agus cur i bhfeidhm stádas oifigiúil na Gaeilge san AE. Is cosúil anois gur faoi Stiúrthóir nua ar Sheirbhísí Aistriúcháin a thitfidh an cúram athbhreithniú a dhéanamh ar an gCaighdeán. Fógraíodh an post do stiúrthóir aonad nua aistriúcháin le déanaí, post a bhfuil suas le E130,000 ag dul leis. Maíonn an Roinn go bhfuil an dara haonad aistriúcháin seo ag teastáil ón Oireachtas mar go bhfuil dualgas reachtúil ann ionstraimí reachtúla a aistriú go Gaeilge de bharr breith a tugadh san Ard-Chúirt in 2004 maidir le cás a thóg an dlíodóir Pól Ó Murchú.

www.foinse.ie

 



Cláraigh don Nuachtlitir

Cláraigh do Sheirbhísí Eolais na Comhdhála

Ainm:
R-Phoist:

Vótáil

Céard é an áit is minicí ina labhraíonn tú Gaeilge?

san obair
i gciorcal comhrá
sa bhaile
le mo chairde
ag ranganna Gaeilge
©1995-2009 Gaelport™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 - Fón: +353 1 6794780 - Facs: +353 1 6790214