Skip to main content

An Nuacht is déanaí le Gaelport.com


Ceadaíonn Ó Cuív €40,000 do Raidió Rí-Rá

Ceadaíonn Ó Cuív €40,000 do Raidió Rí-Rá

Tá fógartha ag Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, go bhfuil deontas de €40,000 ceadaithe aige as Ciste na Gaeilge do Raidió Rí-Rí.  Cuirfidh an maoiniú seo ar chumas Raidió Rí-Rá leanúint air ag craoladh ar an idirlíon ar feadh bliana eile.


Is stáisiún ceol cairte é Raidió Rí-Rá a bunaíodh i mí an Mhárta 2008.  Craolann sé beo ar líne, as Gaeilge, 24 uair a chloig in aghaidh an lae agus faigheann an suíomh 35,000 cuairt in aghaidh na míosa.  Tá dhá ainmniúchán faighte ag an stáisiún do Ghradaim Chumarsáide Oireachtas na Gaeilge.

Ag fógairt an deontais, dúirt an tAire go raibh áthas air go raibh ar chumas a Roinne cuidiú le Raidió Rí-Rá leanúint le soláthar na seirbhíse: “Tá mé sásta bheith in ann an maoiniú seo a cheadú do Raidió Rí-Rí,” a dúirt an tAire. 

“Cuireann siad seirbhís ghairmiúil, snasta ar fáil do dhaoine óga agus léiríonn na figiúirí éisteachta atá acu ar an idirlíon go bhfuil an-éileamh ar an tseirbhís. 

Is fada mé ag iarraidh go mbeadh raidió dá gcuid féin ag cainteoirí óga Gaeilge na tíre.  Tá an-áthas orm go bhfuil an oiread sin tóir ag daoine óga ar an stáisiún seo agus níl aon amhras orm ach go gcuideoidh a leithéid de sheirbhís le cur chun cinn agus le caomhnú na Gaeilge i measc aos óg na tíre seo.”

Tacaíonn Ciste na Gaeilge le hiliomad tionscadal agus eagras a bhfuil baint acu le cur chun cinn na Gaeilge.  Tá sé mar aidhm ag Ciste na Gaeilge an teanga a chothú agus daoine a spreagadh chun í a labhairt lasmuigh de cheantair Ghaeltachta. 

Is féidir éisteacht le Raidio Rá-Rá ar www.raidiorira.ie



Cláraigh don Nuachtlitir

Cláraigh do Sheirbhísí Eolais na Comhdhála

Ainm:
R-Phoist:

Vótáil

Céard é an áit is minicí ina labhraíonn tú Gaeilge?

san obair
i gciorcal comhrá
sa bhaile
le mo chairde
ag ranganna Gaeilge
©1995-2009 Gaelport™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 - Fón: +353 1 6794780 - Facs: +353 1 6790214