Skip to main content

An Nuacht is déanaí le Gaelport.com


An tAire ag súil le réiteach maidir le Foinse

An tAire ag súil le réiteach maidir le Foinse

I ráiteas a tháing tráthnóna inniú dúirt an tAire Éamon Ó Cúiv go raibh sé ag súil go mbeadh Foras na Gaeilge in ann réiteach a chur ar fáil maidir le Foinse, atá i mbaol anois.  D’fhógair Pádraig Ó Céidigh níos túisce go bhfuil príomhnuachtán náisiúnta na Gaeilge i gcruachás anois toisc nach bhfuil an nuachtán ag fáil an maoiniú cuí  ó Fhoras na Gaeilge agus toisc gur tháinig titim ar an líon ioncaim a fhaigheann an nuachtán ó fhógraíocht na gcomhlachtaí stáit anois.

 


Dúirt an tAire: “Ba chúis díoma dom é ráiteas Phádraig Ó Céidigh a léamh, inar dhúirt sé go raibh baol ann nach leanfaí ar aghaidh leis an nuachtán seachtainiúil Foinse.”

“Tá sé fíor-thábhachtach don teanga agus don tír, dar liom, go mbeidh nuachtán Gaeilge ar fáil.  Beidh mé ag casadh le Bord an Fhorais go luath agus beidh mé á chur sin in iúl dóibh.”

“Ar ndóigh, tá Foras na Gaeilge neamhspleách ó thaobh an gnó a bhainistiú i gceart agus cinnte a dhéanamh de, go bhfuil luach ar airgead á fáil agus ní féidir le Roinn Stáit nó Aire cur isteach ar phróiséas tairisceana.  É sin ráite, tá súil agam go mbeidh Foras na Gaeilge in ann an cheist seo a réiteach ionas go mbeidh nuachtán Gaeilge ar fáil gach seachtain dóibh siúd atá á lorg.”

Tá ráite ag urlabhraí pháirtí an Lucht Oibre, Brian Ó Shea TD chomh maith gur ábhar imní iad na tuairiscí a léiríonn go bhfuil príomhnuachtán náisiúnta na Gaeilge, Foinse i mbaol.

Lena chois sin deir sé: Bheadh costas de €200,000 gach bliain ar an státchiste ó thaobh íocaíochtaí leasa má chailltear na postanna seo, mar sin níl ciall dá laghad  ag baint le maoiniú ar luach €50,000 sa bhreis  a dhiúltiú ón nuachtán.

Impím ar an Taoiseach agus ar an  Aire Gnóthaí Tuaithe Pobail agus Gaeltachta Eamon Ó Cuív cibé gníomh atá ag teastáil sa chás seo a dhéanamh agus a chinntiú go leanann Foinse ag cló.

Anuas ar sin, tá tacaíocht léirithe ag balleagraíocht na Comhdhála, Conradh na Gaeilge

Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Creideann an Conradh go bhfuil riachtanas faoi leith le Foinse, go háirithe toisc go bhfuil nuachtán laethúil na Gaeilge, LÁ, imithe, agus toisc an tseirbhís ar fónamh atá curtha ar fáil ag Foinse do phobal na teanga le tamall maith de blianta, agus toisc an fuinneamh agus an éagsúlacht atá á léiriú ar leathanaigh an nuachtáin.”

“Tá Foinse ag cur seirbhís nuachta ar ard-chaighdeán ar fáil do phobal na Gaeilge le trí bliana déag anuas agus molann Conradh na Gaeilge an dea-obair dhíograiseach atá curtha i gcrích ag foireann an nuachtáin ón gcéad lá riamh.”

“Creideann an Conradh, chomh maith, go bhfuil sé rí-thábhachtach postanna in earnáil na Gaeilge a shlánú le linn an chúlú eacnamaíochta seo agus is iomaí iriseoir a bheadh thíos leis dá dtiocfadh deireadh le Foinse. Bheadh sin tubaisteach don iriseoireacht, agus do scríbhneoireacht na Gaeilge trí chéile.”

Léirigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge tacaíocht inniu i litir a seoladh chuig eagarthóir na nuachtáin. Sa litir dúirt Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir na Comhdhála :” Aithnítear an riachtanas go mbeadh nuachtán náisiúnta trí Ghaeilge ar fáil mar léiriú ar bheocht na teanga.  Is cinnte, mar sin, go bhfuil luach níos mó ag baint leis an obair atá faoi réir agaibh ná an méid airgid a chaitear chun an nuachtán a fhoilsiú.  Is cúis imní é don Chomhdháil mar sin go bhfuil foilsiú an nuachtáin FOINSE, an t-aon nuachtán náisiúnta Gaeilge, i mbaol.  Tá FOINSE ag freastal ar phobal na Gaeilge ó céadbunaíodh é i 1996 agus is áis ríthábhachtach é chun an nuacht náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus nuacht na Gaeilge chomh maith, a chur ar fáil inár dteanga féin. “

“Beifear ag súil chomh maith go réiteofar ceist an mhaoinithe go sásúil le go mbeidh ar bhur gcumas leanúint ar aghaidh ag soláthar seirbhíse den scoth, agus go leanann an fás agus an fhorbairt atá ar bun agaibh ar na seirbhísí sin d’fhonn cur le líon na léitheoirí amach anseo. ”



Cláraigh don Nuachtlitir

Cláraigh do Sheirbhísí Eolais na Comhdhála

Ainm:
R-Phoist:

Vótáil

Céard é an áit is minicí ina labhraíonn tú Gaeilge?

san obair
i gciorcal comhrá
sa bhaile
le mo chairde
ag ranganna Gaeilge
©1995-2009 Gaelport™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 - Fón: +353 1 6794780 - Facs: +353 1 6790214