Skip to main content

An Nuacht is déanaí le Gaelport.com


Céad seirbhís nuachta gnó dhátheangach na hÉireann seolta

Céad seirbhís nuachta gnó dhátheangach na hÉireann seolta

Rinneadh céad suíomh Gréasáin nuachta gnó na hÉireann, www.Insideireland.ie,  a sheoladh go hoifigiúil in oifigí Fhoras na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar an 16 Meitheamh 2009. Cuireann an tseirbhís nuachta na scéalta gnó is déanaí ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge.


I measc na n-ábhar gnó a chlúdaíonn an suíomh nuachta seo tá cúrsaí airgeadais, infheistíochta, fostaíochta, ICT agus agraghnó, chomh maith le rannáin ag díriú ar cheol, ar spórt, ar shláinte, ar bhia agus ar fhaisean.

“Creidim gurb iontach an t-am é chun suíomh Gréasáin nuálach a sheoladh a bheidh i gcroílár iriseoireacht na hÉireann de réir mar a théann daoine i dtreo an Idirlín ar thóir na nuachta,” a dúirt an t-eagarthóir Colm Ó Broin.

“Foilsímid scéalta i nGaeilge toisc go bhfuil an teanga in úsáid níos mó agus níos mó i measc gairmeacha agus tionscal. Tá raon leathan gnólachtaí agus daoine gnó ag baint úsáide as an nGaeilge ina gcuid cumarsáidí agus cleachtas ar bhonn rialta.

“Clúdaímid, chomh maith, cúrsaí gnó i dTuaisceart Éireann agus muid ag tarraingt airde ar thábhacht an gheilleagair uile-oileáin.

“Tá aiseolas iontach faighte againn ónár gcuid léitheoirí go dtí seo agus tá sé i gceist againn an suíomh agus ár bhfoireann scríbhneoirí a fhorbairt sna míonna romhainn chun féidearthachtaí an tsuímh seo a réadú”, a dúirt Ó Broin.

D’fháiltigh Rúnaí Chumann Náisiúnta na nIriseoirí, Séamus Dooley, roimh an suíomh atá, dar leis, “ina fhiontar nua iontach”.

“Tá tírdhreach na meán ag athrú ó bhonn agus is cúis áthais é fáilte a chur roimh thionscnamh nua sa timpeallacht reatha agus an oiread sin den nuacht a bhaineann leis na meáin, ag an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta, diúltach”, a dúirt sé.

Lean Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, comhpháirtí oifigiúil teanga Insideireland.ie, “Is cúis áthais dúinn i bhForas na Gaeilge é a bheith bainteach le forbairt agus inúsáidteacht Insideireland.ie agus é ar an gcéad suíomh Gréasáin nuachta riamh dírithe ar chúrsaí gnó atá ar fáil i gceachtar den dá theanga, Béarla agus Gaeilge.
“Tá tábhacht faoi leith ag baint leis an gcur chuige nuálach dátheangach seo agus níos mó aitheantais agus úsáide á baint as an nGaeilge sa tsochaí. Ní hamháin go bhfuil sé ag freastal ar aidhmeanna Acht na dTeangacha Oifigiúla ach tá sé ag freastal, chomh maith, ar rogha teanga níos mó den phobal gnó a bhfuil an Ghaeilge acu.”

Ag labhairt ag an ócáid, dúirt Éamonn Fallon ón láithreán Ghréasán Daft.ie  “Trasna an domhain tá tomhaltóirí ag bogadh ó na meáin chlóite go dtí an t-idirlíon lena gcuid nuachta laethúla a fháil. Is é ‘Inside Ireland’ an chéad fhoilsitheoir in Éirinn a bhog ón gclólann go dtí foilsiú ar líne amháin agus tá aitheantas le tabhairt dóibh dá bharr.”


Cláraigh don Nuachtlitir

Cláraigh do Sheirbhísí Eolais na Comhdhála

Ainm:
R-Phoist:

Vótáil

Céard é an áit is minicí ina labhraíonn tú Gaeilge?

san obair
i gciorcal comhrá
sa bhaile
le mo chairde
ag ranganna Gaeilge
©1995-2009 Gaelport™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 - Fón: +353 1 6794780 - Facs: +353 1 6790214