An Nuacht is déanaí le Gaelport.com
Lógó nua do Sheachtain na Gaeilge de dhíth!
Tá Seachtain na Gaeilge ag iarraidh ar léitheoirí le bua na healaíne lógó nua a dhearadh dúinn! Beidh an lógó nua le feiceáil ar gach aon rud a mbeidh ainm an chomhlachta bainteach leis.
Beimid ag bronnadh €500 don lógó is fearr agus is oiriúnaí. Ní mór don lógó a bheith nua-aimseartha, beoga, dathannach. Ná bain úsáid as dathanna an bhrait Éireannaigh, as seamróga, ná as leipreacháin! Ní gá do dhearthóirí cloí leis an mana “Croí na Teanga –it’s You’ atá againn faoi láthair, ba bhreá linn dearadh iomlán nua!
Beidh cearta an lógó i seilbh Sheachtain na Gaeilge nuair atá dearadh socraithe agus conradh comhlíonta leis an dearthóir. Ní mór do na hiontrálacha a bheith mar JPEG, PDF nó i bhfoirm eile le caighdeán ard agus seolta chugainn ag eolas@snag.ie roimh Aoine 17 Iúil 2009.
Táimid ag súil go mór le bhur n-iontrálacha!
Go n-éirí go geal libh!
Cláraigh don Nuachtlitir
Vótáil
Céard é an áit is minicí ina labhraíonn tú Gaeilge?