An Nuacht is déanaí le Gaelport.com
Fáiltíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge roimh fhoilsiú thuarascáil an Bord Snip Nua
Fáiltíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge roimh fhoilsiú thuarascáil an
Bord Snip Nua inniu agus don chur chuige comhpháirtíochta atá glactha
ag an Rialtas, chun na saincheisteanna agus na roghanna atá faoina
mbráid a roinnt leis an bpobal. Is moltaí amháin atá sa tuarascáil,
agus tá sé faoin Taoiseach agus an Rialtas anois an cinneadh a ghlacadh
cé na moltaí a gcuirfear i bhfeidhm.
Deir Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Pádraig Mac Criostail go bhfuil “moltaí sa tuarascáil a bheadh tromchúiseach ó thaobh na Gaeilge de, dá gcuirfí i bhfeidhm iad.” Dúirt Mac Criostail gur cúis imní ollmhór don Chomhdháil iad na moltaí a bhaineann le todhchaí na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, todhchaí na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus Údarás na Gaeltachta, chomh maith leis na ciorraithe molta ar mhaoiniú TG4, scéimeanna Gaeltachta agus Ciste na Gaeilge.
Deir Mac Criostail go ndéanfaidh An Chomhdháil mionscagadh ar mholtaí na tuarascála, agus go gcuirfí na himpleachtaí teanga a bhaineann leo faoi bhráid an Rialtais. Arsa Mac Criostail; “Tuigimid go bhfuil géarchéim sa tír seo, agus gur gá dúinn ar fad glacadh le ciorraithe, ach déanfaimid gach iarracht a chinntiú nach mbeidh an Ghaeilge féin thíos leis dá bharr.”

Cláraigh don Nuachtlitir
Vótáil
Céard é an áit is minicí ina labhraíonn tú Gaeilge?