Skip to main content

An Nuacht is déanaí le Gaelport.com


Borradh feirge faoi chiorruithe Gaeltachta

Borradh feirge faoi chiorruithe Gaeltachta

Tá feachtas nua curtha ar bun i nGaeltacht Ghaoth Dobhair in aghaidh na gciorruithe Gaeltachta  atá molta  i dTuarascáil Mhic Chárthaigh a foilsíodh i  mí Iúil.


Reáchtáladh cruinniú poiblí i nGaoth Dobhair ar an 4 Lúnasa ag a raibh 200 duine i láthair ann, mná tí, ionadaithe ó choláistí Gaeilge agus ó na heagraíochtaí Gaeilge, scoláirí agus muintir na háite ina measc.

Dar le Gráinne Mhic Géidigh atá ina ball de Bhord Údarás na Gaeltachta agus a d’eagraigh an ócáid, tá muintir na háite imníoch faoi mholtaí na tuarascála go háirithe faoin mholadh atá ann deireadh a chur le scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge.

Tá sí den tuairim go mbeadh impleachtaí tromchúiseacha ann don Ghaeltacht agus don teanga má chuirtear i bhfeidhm na moltaí sin. Deir sí: “D’fhéadfadh  sé dochar mór a dhéanamh don Ghaeltacht ar bhonn eacnamaíoch agus ar bhonn sóisialta mar bíonn an geilleagar sa Ghaeltacht ag brath ar na coláistí samhraidh go mór.“

Tá an bhuairt chéanna léirithe ag CONCOS, cónaidhm a dhéanann ionadaíocht ar son 47 Coláiste Samhraidh agus dar leo ní bheadh coláistí samhraidh in ann feidhmiú a thuilleadh má chuirtear na moltaí seo i bhfeidhm.

Ag an gcruinniú, cuireadh tús le feachtas nua in aghaidh na moltaí ach cé go mbeidh an feachtas á rith ag muintir na háite agus ag ionadaithe ó na coláistí samhraidh sa cheantar,  beidh comhcheangal ann idir na feachtais atá ar bun ag Concos, (Comhchoiste na gColáistí Samhraidh), na heagraíochtaí Gaeilge agus na pobail Ghaeltachta eile i gcoinne mholtaí na tuarascála.

Deir Gráinne Mhic Géidigh “Beimid i dteagmháil le ceannairí na bpáirtithe agus cuirfear an cheist orthu cá háit go díreach a sheasann siad mar gheall ar an moladh seo. Bunófar fochoistí beaga i ngach baile sa cheantar agus beimid ag iarraidh brú a chur ar na hionadaithe polaitiúla agus ar an rialtas.“

“ Ach is é an rud is tábhachtaí ná ceangal a dhéanamh le gach eagraíocht a bhfuil cur chun cinn agus caomhnú na Gaeilge mar sprioc acu, TG4, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, CONCOS  san áireamh agus na heagraíochtaí  deonacha uile mar is í an Ghaeltacht an tobar ónar fhás siad.”

Tá feachtas curtha ar bun ag CONCOS, Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh chomh maith. 

Tá achainí ar fáil ar láithreán gréasáin na heagraíochta ag iarraidh ar an Taoiseach Brian Cowen, tacaíocht agus cosaint a thabhairt do ghluaiseacht na gColáistí Gaeilge trí Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge a chaomhnú.

Dar le CONCOS caitheann an stát níos lú ná €5m ar scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge faoi láthair ach bíonn gníomhaíocht eacnamaíochta de €50 á chothú sa Ghaeltacht dá bharr.

Tá an achainí ar líne ar fáil anseo



Cláraigh don Nuachtlitir

Cláraigh do Sheirbhísí Eolais na Comhdhála

Ainm:
R-Phoist:

Vótáil

Céard é an áit is minicí ina labhraíonn tú Gaeilge?

san obair
i gciorcal comhrá
sa bhaile
le mo chairde
ag ranganna Gaeilge
©1995-2009 Gaelport™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 - Fón: +353 1 6794780 - Facs: +353 1 6790214