An Nuacht is déanaí le Gaelport.com
Achainí ar líne in aghaidh na gciorruithe Gaeltachta
Reáchtáil CONCOS, Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh, cruinniú poiblí aréir sa Cheathrú Rua i nGaeltacht Chonamara agus tháinig os cionn dhá chéad duine ag an gcruinniú, mná tí, comhairleoirí contae agus ionadaithe ó na coláistí samhraidh ina measc.
Ba é seo an dara chruinniú a tionóladh sa cheantar le coicís anuas agus ag an cruinniú léirigh mná tí áitiúla an bhuairt atá acu faoi na moltaí a rinneadh i dtuarascáil an Bhoird Snip nua.
Moladh sa tuarascáil deireadh a chur le scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge ach tá ráite ag CONCOS agus ag eagraíochtaí Gaeilge eile go mbeadh impleachtaí tromchúiseacha ann don nGaeltacht má chuirfear i bhfeidhm an moladh áirithe seo.
Dar le CONCOS caitheann an stát níos lú ná €5m ar scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge faoi láthair ach bíonn gníomhaíocht eacnamaíochta de €50 á chothú sa Ghaeltacht dá bharr.
Tá feachtas curtha ar bun ag CONCOS in aghaidh an chiorraithe agus táthar ag súil cruinnithe a reáchtáil sna Gaeltachtaí eile go luath ar an ábhar seo.
Agus beidh an chéad cruinniú eile ar siúl i Halla Deirbhile, san Eachléim i gContae Mhaigh Eo ar Dé Céadaoin, 19 Lúnasa ag 8. i.n.
Anuas air sin tá súil ag an cónaidhm mórshiúl a dhéanamh os comhair oifigí na Roinne Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta san Forbacha ar an 2 Meán Fómhair.
Dar le Caitlín Neachtain atá ag obair mar Fheidhmeannach Forbartha le CONCOS, tá práinn leis an bhfeachtas anois toisc go bhfuil na moltaí á scrúdú ag an rialtas i láthair na huaire.
Thug Caitlín Neachtain le fios inniu chomh maith go mbeidh tuarascáil oifigiúil curtha i dtoll a chéile ag CONCOS go luath agus go dtabharfar faoi bhráid na Roinne í ar lá an tslógaidh.
Tá sé tábhachtach deir sí go mbeadh “comhordú idir na mná tí agus lucht tacaíochta na scéime ar fud na tíre agus go mbeadh gach duine ar an airdeall faoi céard atá molta sa tuarascáil.”
Luaigh sí freisin go mbeidh na mná tí go léir ag scríobh chuig na hionadaithe poiblí mar gheall ar an gceist.
Tá súil ag CONCOS go mbeidh cainteoirí Gaeilge, tuismitheoirí agus mic léinn ó na ceithre hairde sásta tacaíocht a thabhairt don bhfeachtas agus síniú a chur leis an achainí ar líne atá ar fáil ar láithreán gréasáin na heagraíochta.
San achainí iarrtar ar an Taoiseach Brian Cowen, tacaíocht agus cosaint a thabhairt do ghluaiseacht na gColáistí Gaeilge trí Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge a chaomhnú.
Reáchtáladh cruinniú eile i nGaeltacht Dhún na nGall an tseachtain seo caite faoi na ciorruithe céanna agus tá feachtas ar bun sa cheantar sin chomh maith.
Tá an achainí ar líne ar fáil anseo.
Cláraigh don Nuachtlitir
Vótáil
Céard é an áit is minicí ina labhraíonn tú Gaeilge?