Skip to main content

Gaelport - Leathnach Baile

An Nuacht is déanaí le Gaelport.com


“Is Seoid Luachmhar í an Ghaeilge”

“Is Seoid Luachmhar í an Ghaeilge”

Níl sé ar intinn ag an Taoiseach, Brian Cowen, deireadh a chur leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Chuir an Taoiseach a thuairim phearsanta in iúl agus é faoi agallamh ag Nuacht TG4 ar an 25 Meán Fómhair.


Bhí an Taoiseach ar cuairt ar Oifigí TG4 mar chuid dá thuras in iarthar Chonamara an lá sin agus léirigh sé gur thuig sé go raibh fadhbanna ag muintir na Gaeltachta nach bhfuil ag áiteanna eile sa tír. Chuir sé béim ar an tábhacht a bhaineann leis an Roinn agus daoine a bheith fostaithe ann chun éisteacht a thabhairt do mhuintir na tuaithe.

Cuireadh an cheist ar an Taoiseach an gcuirfear deireadh leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. “ Tá Roinn againn agus i mo thuairimse beidh an Roinn againn as seo amach, cibé eagraíocht nua a bheidh againn as seo amach,” a dúirt sé. Ghlac sé leis go bhfuil cinneadh polaitiúil le déanamh ag an rialtas agus é ag iarraidh tabhairt faoin ngéarchéim eacnamaíocha, ach luaigh sé freisin go bhfuil sé de dhualgas ar an rialtas lámh chúnta a thabhairt don Ghaeltacht ag an am céanna.

Anuas air sin, thug sé ábhar dóchais don fheachtas atá á rith ag mná tí in aghaidh an mholta, deireadh a chur le scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge a rinneadh i dtuarascáil Mhic Chárthaigh. Thug an Taoiseach le fios gur thuig sé an tábhacht a bhain leis an scéim do na mná tí agus do gheilleagar na Gaeltachta agus don Ghaeilge. Agus é ag caint faoi chás na mban tí dúirt sé go gcaithfear tacaíocht a thabhairt dóibh.

Labhair se freisin ar an tábhacht  a bhaineann le tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge anois in am an ghátair seo ag rá: “Tá sé an-tábhachtach go mbeimis ag leagan béime ar na nithe seo” agus ”Is seoid luachmhar í an Ghaeilge.”

Fillfidh Teachtaí Dála agus Seanadóirí ar ais ar Dáil Éireann an tseachtain seo,  tar éis don Dáil a bheith ar athlá le linn sheachtain an reifrinn agus cuirfear ceisteanna ar an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta sa Dáil tráthnóna inniu.


Cláraigh don Nuachtlitir

Cláraigh do Sheirbhísí Eolais na Comhdhála

Ainm:
R-Phoist:

Vótáil

Céard é an áit is minicí ina labhraíonn tú Gaeilge?

san obair
i gciorcal comhrá
sa bhaile
le mo chairde
ag ranganna Gaeilge
©1995-2009 Gaelport™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 - Fón: +353 1 6794780 - Facs: +353 1 6790214