Skip to main content

Gaelport - Leathnach Baile

An Nuacht is déanaí le Gaelport.com


Ionadaíocht ar 26 teanga ag Comhdháil Mhá Nuad

Ionadaíocht ar 26 teanga ag Comhdháil Mhá Nuad

Beidh ionadaithe ar son 26 teanga ó 31 tír i láthair nuair a thionólfar an 37ú Cruinniú de chuid an Association of Language Testers in Europe (ALTE) faoi scáth Ollscoil na hÉireann Má Nuad in Óstán Carton House ón 11-13 Samhain. Is é téama na comhdhála ná “Tástáil na dteangacha neamhfhorleathana i gcomhthéacs ilteangach”.


Ar an Aoine, an 13 Samhain, osclóidh Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, an lá poiblí, áit a gcuirfear fáilte roimh aon duine a bhfuil suim acu i dteagasc agus i dtástáil teangacha. 

I measc na n-ábhar faoi chaibidil ar an lá sin beidh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht inniu, comhthéacs ilteangach na hEorpa, agus na dúshláin a bhaineann le cur chuige coiteann Eorpach do theagasc, do fhoghlaim agus do mheasúnú teangacha.

Cláraigh don Nuachtlitir

Cláraigh do Sheirbhísí Eolais na Comhdhála

Ainm:
R-Phoist:

Vótáil

Céard é an áit is minicí ina labhraíonn tú Gaeilge?

san obair
i gciorcal comhrá
sa bhaile
le mo chairde
ag ranganna Gaeilge
©1995-2009 Gaelport™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 - Fón: +353 1 6794780 - Facs: +353 1 6790214