Skip to main content

An Nuacht is déanaí le Gaelport.com


Inneall Aistriúcháin níos fearr ná Google Translate!

Inneall Aistriúcháin níos fearr ná Google Translate!

Le déanaí chuir an comhlacht idirlín Google seirbhís aistriúcháin ar fáil do Ghaeilgeoirí dar teideal Google Translate. Tugann Google Translate an deis d’úsáideoirí idirlín a gcuid torthaí cuardaigh ar shuíomhanna idirlín i dteangacha iasachta a fháil i nGaeilge.  Ach ó shin i léith tá easaontas ann ar cé chomh fiúntach is atá an córas sin agus anois tá cainteoir Gaeilge amháin darb ainm Kevin Scannell ag iarraidh go gcuirfear inneall aistriúcháin úrnua ar bun agus anois tá sé ag iarraidh cúnaimh a fháil ó chainteoirí líofa agus aistritheoirí gairmiúla.


Dar leis an Uasal Scannell,  baineann Google úsáid as samhail staitistiúil “focal-ar-fhocal” chun teangacha nua a fhorbairt.  Dar leis: “Cuireann siad go leor téacsanna dátheangacha isteach san inneall aistriúcháin atá acu agus sin é é! Níl aon eolas faoi ghramadach ná chomhréir na Gaeilge ann, agus is léir é sin ó cháilíocht na n-aistriúchán ar an suíomh, den chuid is mó. Dar liomsa, is tubaiste amach is amach don Ghaeilge agus d’aistritheoirí proifisiúnta córas neamhfhoirfe den chineál seo a bheith ar fáil.”

Is féidir cabhrú leis trí aistriúchán a dhéanamh ar timpeall is caoga abairt  ó Bhéarla go Gaeilge. Más suim leat páirt a ghlacadh sa tionsnamh seo tá tuilleadh eolais ar fáil ar an láithreán gréasáin seo.



Cláraigh don Nuachtlitir

Cláraigh do Sheirbhísí Eolais na Comhdhála

Ainm:
R-Phoist:

Vótáil

Céard é an áit is minicí ina labhraíonn tú Gaeilge?

san obair
i gciorcal comhrá
sa bhaile
le mo chairde
ag ranganna Gaeilge
©1995-2009 Gaelport™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 - Fón: +353 1 6794780 - Facs: +353 1 6790214