An Nuacht is déanaí le Gaelport.com
5 phost mar aistritheoirí sa Lár-Aonad Aistriúcháin fógartha
Tá curtha in iúl ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D., gur fógraíodh poist mar aistritheoirí sa Lár-Aonad Aistriúcháin sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta inniu. Bunaíodh an Lár-Aonad Aistriúcháin seo tar éis don Stát gealltanas a thabhairt don Chúirt Uachtarach i gcomhthéacs achomhairc a bhaineann le haistriú Ionstraimí Reachtúla.
Tá folúntas amháin fógartha mar Aistritheoir (Grád II) agus ceithre cinn mar Aistritheoir (Grád III). Beidh na poist lonnaithe i gceann d’oifigí na Roinne ag brath ar idirphlé idir na hiarrthóirí rathúla agus an Roinn bunaithe ar a riachtanais ghnó.
Chuir an tAire in iúl go mbeadh ról lárnach ag na haistritheoirí seo maidir le cur i gcrích mhórspriocanna an Aonaid, ina measc:
- na próisis ar fad a bhaineann le haistriú téacsanna reachtacha, go háirithe ionstraimí reachtúla, a fhorbairt agus a bhainistiú;
- seirbhísí aistriúcháin a sholáthar de réir mar is gá do Ranna Rialtais agus d’Údaráis Déanta Rialachán; agus
- athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil a chur i gcrích thar thréimhse 12 mhí.
Dúshláin mhóra atá roimh an Lár-Aonad seo dar leis an Aire. “ Níl aon amhras ach go mbeidh deis ar leith ag foireann an Aonaid leas a bhaint as teicneolaíocht na faisnéise le tabhairt faoi na dúshláin seo ar an mbealach is éifeachtaí agus is éifeachtúla ar fad,” a dúirt sé.
“Ar ndóigh neartóidh bunú an Aonaid seo cumas an Stáit an gealltanas a tugadh os comhair na Cúirte a chomhlíonadh.” Tá tuilleadh eolais faoi shonraí na bpost ag www.publicjobs.ie agus ar www.gaelport.com/foluntais.
Cláraigh don Nuachtlitir
Vótáil
Céard é an áit is minicí ina labhraíonn tú Gaeilge?