An Nuacht is déanaí le Gaelport.com
Conradh an Fhorais bronnta ar 'Gaelscéal'
D’fhógair Foras na Gaeilge ar an 20 Samhain gur ar an gcomhlacht Torann na dTonn Teoranta a bhronnfar an conradh chun nuachtán seachtainiúil nua Gaeilge a chur ar fáil. Is comhfhiontar idir an Connacht Tribune i gcathair na Gaillimhe agus Eo Teilifís sa Spidéal é Torann na dTonn Teoranta.
Is iad Máire Ní Thuathail agus David Hickey stiúrthóirí an chomhlachta. Bhí ocht n-iarratas ina iomlán istigh ar an gcomórtas céanna. Thairg Foras na Gaeilge conradh ceithre bliana do Thorann na dTonn Teoranta a gcuirfear tús leis i mí Eanáir 2010 agus a leanfaidh ar aghaidh go Nollaig 2013.
Tá luach €1.6 milliún ar an gconradh ceithre bliana seo chun nuachtán seachtainiúil uile-oileánda a fhoilsiú i bhfoirm clóite agus leictreonach.
Gaelscéal an t-ainm oibre atá ar an nuachtán - 32 leathanach ildaite le meascán scéalta idir chúrsaí reatha, ghné-ailt, spórt agus ealaíon. Tá i gceist ag Torann na dTonn Teoranta go mbeidh an nuachtán fuinniúil soléite agus go mbeidh an chéad eagrán ar fáil go luath san athbhliain.
Tá taithí mar chomhlacht nuachtáin ag an Connacht Tribune le breis agus 100 bliain agus tá níos mó ná 20 bliain taithí ag Eo Teilifís sna meáin chraoltóireachta.
“An aidhm a bhí againn leis an chomórtas poiblí seo ná nuachtán féinsheasmhach, uileghabhálach nua a chur ar fáil do Phobal na Gaeilge. Bhí caighdeán na n-iarratas an-ard agus cuireadh go leor oibre isteach iontu. Tá áthas orainn an conradh a thairiscint do Thorann na dTonn Teoranta, comhfhiontar idir an An Connacht Tribune agus Eo Teilifís, a bhfuil taithí na mblianta acu sna meáin in Éirinn. Tá mé ag súil go mór leis an chéad eagrán den nuachtán nua a léamh go luath san athbhliain,” a deir Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge.
Is i nGaeltacht Chonamara a lonnófar oifigí Gaelscéil ina mbeidh cúigear fostaithe go lán-aimseartha chomh maith le seachtar colúnaithe eile ó réigiúin éagsúla ar fud na tíre ag tuairisciú don nuachtán.
Beidh sé le ceannach sna siopaí gach Aoine ar €1.65/£1.50, beidh sé ar fáil ar líne agus beidh léitheoirí in ann é a fháil tríd an bpost ar shíntiús. “Cuirfidh nuachtán nua Gaeilge le hinfreastruchtúr na meán cumarsáide Gaeilge sa tír seo”, a deir Máire Ní Thuathail ó Thorann na dTonn Teoranta.
“Is rud é a bhfuil géarghá leis chun an Ghaeilge a choinneáil mar theanga bheo nua- aimseartha agus táimid ag súil go mór le nuachtán seachtainiúil úr spreagúil a chur ar fáil do phobal na Gaeilge”, a deir sí.
Cláraigh don Nuachtlitir
Vótáil
Céard é an áit is minicí ina labhraíonn tú Gaeilge?