Skip to main content

Gaelport - Leathnach Baile

An Nuacht is déanaí le Gaelport.com


Aistritheoirí scoile le dul in iomaíocht lena chéile

Aistritheoirí scoile le dul in iomaíocht lena chéile

Beidh suas le 3 000 dalta scoile ó gach cearn den Eoraip, Kalix atá i ngiorracht don Chiorcal Artach sa tSualainn, Heraklion sa Chréit, Saint Martin sna hIndiacha Thiar agus Paralimni sa Chipir ina measc , ag cur a gcuid scileanna teangacha faoi scrúdú sa tríú comórtas Juvenes Translatores a bheidh á reáchtáil inniu, an 24 Samhain. “Aistritheoirí óga” is brí le hainm an chomórtas aistriúcháin seo sa Laidin.  


Bíonn daoine óga ag tnúth go mór leis an gcomórtas aistriúcháin seo toisc go dtugann sé deis iontach dóibh na scileanna teanga atá á bhfoghlaim acu ar scoil a chleachtadh i gceart agus blas a fháil ar obair an aistritheora ghairmiúil ,” a dúirt Leonard Orban, an Coimisinéir um Ilteangachas.

” Is eol dúinn freisin gur spreagadh roinnt iomaitheoirí ar éirigh leo sa chomórtas chun tabhairt faoi staidéar ar theangacha ina dhiaidh. Is dea-scéal é sin mar tá staidéar le foilsiú go luath a léiríonn go bhfuil borradh faoi phostanna i dtionscal na dteangacha, agus gurb amhlaidh a bheidh amach anseo ,” arsa Coimisinéir Orban.  

Seoladh comórtas na bliana seo i mí Mhéan Fómhair agus bhí meánscoileanna san AE in ann clárú don chomórtas ag an am sin. As measc na scoileanna ar fad a chláraigh, roghnaíodh 600 scoil go randamach agus foilsíodh ainmneacha na scoileanna sin ar shuíomh gréasáin an chomórtais:

Déanfaidh cúigear daltaí ar a mhéid ó gach scoil roghnaithe an scrúdú aistriúcháin ar lá an chomórtais. Ní mór do na daltaí bheith seacht mbliana déag d’aois. Gheobhaidh siad téacs gairid tríd an ríomhphost ar maidin agus beidh dhá uair an chloig acu chun é a aistriú ar an mbealach is fearr agus is féidir leo, óna rogha teanga isteach i dteanga ar bith eile as 23 teanga oifigiúla an AE.   Tar éis an scrúdaithe, cuirfear na haistriúcháin chuig an gCoimisiúin agus déanfaidh aistritheoirí ó Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin iad a mheas agus a mharcáil. Roghnóidh giúiré an chomórtais an t-aistriúchán is fearr ó gach Ballstát, agus foilseofar ainmneacha na mbuaiteoirí arshuíomh gréasáin an chomórtais ag deireadh mhí Eanáir 2010.  

Léiríodh san aiseolas a fuarthas i ndiaidh an dá chomórtas roimhe seo, gur maith leis na múinteoirí an deis seo a bheith acu foghlaim teanga iasachta a chur chun cinn . Taitníonn an dúshlán agus an eachtraíocht leis na daltaí agus spreagtar iad leis an tuiscint go bhfuil daltaí i dtíortha eile ag aistriú an téacs chéanna.  

Ar an lámh eile, meas ann roinnt scoileanna go bhfuil róshrian leis an aoisteorainn agus ba mhaith leo go mbeadh a thuilleadh daltaí rannpháirteach ann. Mheas cuid acu go raibh an téacs rófhada, agus bhí scoileanna ann ar theastaigh a thuilleadh ama uathu chun an t-aistriúchán a dhéanamh.   Mar a bhí sna blianta roimhe seo, tabharfar na buaiteoirí chuig searmanas bronnta sa Bhruiséil chun a ngradaim a fháil agus chun bualadh le roinnt aistritheoirí de chuid an AE. Beidh le feiceáil an mbeidh tionchar ag an deis seo ar a roghnóidh siad mar shlí beatha amach anseo.  

Suíomh gréasáin Juvenes Translatores: http://ec.europa.eu/translatores

Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin: http://ec.europa.eu/dgs/translation/   



Cláraigh don Nuachtlitir

Cláraigh do Sheirbhísí Eolais na Comhdhála

Ainm:
R-Phoist:

Vótáil

Céard é an áit is minicí ina labhraíonn tú Gaeilge?

san obair
i gciorcal comhrá
sa bhaile
le mo chairde
ag ranganna Gaeilge
©1995-2009 Gaelport™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 - Fón: +353 1 6794780 - Facs: +353 1 6790214