Skip to main content

Gaelport - Leathnach Baile

An Nuacht is déanaí le Gaelport.com


Teicneolaíocht agus an Ghaeilge sa Seomra Ranga

Teicneolaíocht agus an Ghaeilge sa Seomra Ranga

Beidh fáilte roimh chách chuig cur i láthair a thabharfaidh Art Ó Súilleabháin, Stiúrthóir Ionad Oideachais Mhaigh Eo, ar ‘An Teicneolaíocht agus an Ghaeilge’ ag Cruinniú Cinn Bhliana Chomhar na Múinteoirí Gaeilge ar an Satharn, 12 Nollaig.


Reáchtálfar an cruinniú in Áras Fhoras na Gaeilge, 7 Ceanróg Mhuifean i mBaile Átha Cliath.

Tabharfaidh Art neart moltaí do mhúinteoirí Gaeilge le cláir bhána idirghníomhacha a úsáid trí Ghaeilge sa seomra ranga agus déanfaidh sé cur síos ar roinnt de na tionsnaimh spéisiúla atá idir lámha aige chomh maith.

Cuirfear tús leis an cur i láthair ag 11.30 r.n. agus leanfaidh sé go dtí am lóinTá níos mo eolais ar fáil ó Lároifig CNMG ar (01) 639 8445/8 nó  trí ríomhphost a sheoladh chuig eolas@cnmg.ie.



Cláraigh don Nuachtlitir

Cláraigh do Sheirbhísí Eolais na Comhdhála

Ainm:
R-Phoist:

Vótáil

Céard é an áit is minicí ina labhraíonn tú Gaeilge?

san obair
i gciorcal comhrá
sa bhaile
le mo chairde
ag ranganna Gaeilge
©1995-2009 Gaelport™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 - Fón: +353 1 6794780 - Facs: +353 1 6790214