An Nuacht is déanaí le Gaelport.com
‘Plean Uaillmhianach agus dúshlánach’
Chuir príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Ferdie Mac an Fhailigh fáilte roimh dhréacht den Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge atá díreach foilsithe ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Dúirt sé gur plean uaillmhianach agus dúshlánach atá leagtha amach ag an Rialtas agus go bhfuil Foras na Gaeilge an-sásta páirt ghníomhach a ghlacadh i bhfeidhmiú an phlean seo.
“Tá Foras na Gaeilge an-sásta tacú leis an Rialtas chun leanúint ar aghaidh leis an Ghaeilge a neartú ar bhonn uile-oileánda, agus is mór againn an tacaíocht leanúnach atá faighte go dáta agus an geallúint go leanfar de” a dúirt sé. “Tá muid ag freastal cheana féin ar chuid de na tionscadail atá luaite sa Straitéis ar nós scéimeanna scríbhneoireachta do dhaoine óga. Chomh maith leis seo tá muid ag comhoibriú le cuid de na coláistí oiliúna maidir le teagasc i ngaelscoileanna agus le caighdeán na Gaeilge labhartha a ardú. Tá muid ag súil le tógáil ar an obair sin,” a dúirt sé.
Bunaíodh Foras na Gaeilge i 1999 faoi réir Chomhaontú Aoine an Chéasta agus tá siad freagrach as an nGaeilge a chur chun cinn ar fud na hÉireann.
Cláraigh don Nuachtlitir
Vótáil
Céard é an áit is minicí ina labhraíonn tú Gaeilge?