Skip to main content

An Nuacht is déanaí le Gaelport.com


Luach na Gaeilge do Chathair agus Contae na Gaillimhe- €136 milliún

Luach na Gaeilge do Chathair agus Contae na Gaillimhe- €136 milliún

Is fiú os cionn €136 milliún an Ghaeilge do gheilleagar Chathair agus Chontae na Gaillimhe go bliantúil, tacaíonn sí le breis agus 5,000 post agus creideann níos mó ná 90% de ghnólachtaí Chathair na Gaillimhe gur gné uathúil í d’íomhá agus d’fhéiniúlacht chultúrtha na Gaillimhe.  Is iad seo príomhthorthaí staidéir a rinneadh ar bhuntáistí geilleagracha na Gaeilge a fheictear i gCathair na Gaillimhe agus i nGaeltacht na Gaillimhe a foilsíodh ar an 27 Samhain 2009.


Dúirt an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D. agus an tuarascáil á seoladh aige:  ‘Bhí meas againn ar thábhacht na Gaeilge ó thaobh an chultúir agus na cáilíochtúla de riamh, ach léiríonn an tuarascáil seo luach geilleagrach na Gaeilge dúinn.  Cuireann an Ghaeilge an turasóireacht chun cinn i gContae agus i gCathair na Gaillimhe, agus cruthaíonn sé ioncam turasóireachta ar fiú €40 milliún é gach bliain.  Laistigh d’earnáil na turasóireachta, tá na Coláistí Gaeilge Samhraidh thar a bheith tábhachtach i nGaeltacht na Gaillimhe, agus cuireann táillí na gcoláistí, airgead póca agus íocaíochtaí do na mná tí a thógann scoláirí Gaeilge ina dteach féin gach samhradh thart ar €14 mhilliún leis an gceantar.

‘Tá dlúthbhaint ag Gaillimh agus an earnáil chlosamhairc Ghaeilge le chéile le blianta beaga anuas, earnáil atá ar cheann de na foinsí gníomhaíochta geilleagraí is tábhachtaí i nGaeltacht na Gaillimhe faoi láthair.  Léiríonn an tuarascáil seo go gcuireann an earnáil seo €24.3 milliún i mbreisluach leis an GNP gach bliain, agus de bharr nádúr na ngnólachtaí closamhairc, fanann formhór an airgid seo sa gheilleagar náisiúnta mar gheall ar thuarastail, ar phá agus ar cheannach áitiúil.’

Léirigh an staidéar go bhfuil lucht oibre Ghaeltacht na Gaillimhe, a bhfuil beagnach 22,000 díobh ann, cruinnithe den chuid is mó in earnálacha geilleagracha a bhfuil aschur sách ard acu. €2.9 billiún a chur Gaeltacht na Gaillimhe le GNP na hÉireann in 2006 (suim dhíreach, indíreach agus spreagtha) dá bharr, nó 1.9% téagartha den iomlán náisiúnta.  Léirigh sé freisin go gcaitheann teaghlaigh agus gnólachtaí Gaeltachta os cionn €700 milliún ar earraí agus ar sheirbhísí i gCathair na Gaillimhe.

‘Léiríonn an tuarascáil seo torthaí infheistíocht spriocdhírithe an Stáit chun tacú leis an nGaeilge agus chun an pobal áitiúil Gaeilge a chothú i nGaeltacht na Gaillimhe’, a dúirt Iognáid  Ó Muircheartaigh, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge.  ‘Chaith an Rialtas os cionn €116 milliún in 2007, bonnbhliain an staidéir seo, ar thacaíochtaí breise don Ghaeilge i gContae agus i gCathair na Gaillimhe.  Bhí tionchar ag an infheistíocht seo ar bhonneagar, ar thionscal agus ar chreatlach shóisialta agus chultúrtha an cheantair, a chruthaigh forbairt gheilleagrach agus fás daonra.   ‘

Tá pobal spleodrach Gaeilgeoirí i gCathair na Gaillimhe, agus tá tacaíocht ard  d’athbheochan na teanga ann, agus don dátheangachas Béarla/Gaeilge, go háirithe i measc daoine óga oilte atá ina gcónaí i gceantair uirbeacha.  Teastaíonn uainne i nGaillimh le Gaeilge dea-thoil i leith na Gaeilge a ghríosú, agus leas a bhaint as na buntáistí geilleagracha agus cultúrtha a shainaithnítear sa tuarascáil seo, agus cur leo’, a dúirt sé freisin.  

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Ó Cuív, ‘Tá go leor athruithe tarlaithe sa gheilleagar domhanda ó rinne Gaillimh le Gaeilge coimisiúnú ar an tuarascáil seo, agus d’ainneoin na dúshláin atá romhainn faoi láthair, tá an Stát tiomanta do thacú le pobail Ghaeltachta agus leis an nGaeilge, agus tacaíocht againn de bharr an aitheantais bhunreachtúil gurb í an Ghaeilge chéad teanga an Stáit, nuair atá  Gaeilge aitheanta freisin mar theanga oifigiúil Eorpach.

‘Taispeánann an tuarascáil seo gur suntasach é luach na Gaeilge do Chathair na Gaillimhe agus do Ghaeltacht na Gaillimhe.  Aontaím lena moltaí gur cheart do na príomhpháirtithe, Comhairlí Cathrach agus Contae na Gaillimhe, Cumann Tráchtála na Gaillimhe, Cumann Gnó Chathair na Gaillimhe, earnáil an oideachais, na gníomhaireachtaí stáit, eagraíochtaí spóirt, eagraíochtaí reiligiúnacha, pobal na n-ealaíon, tionscal na turasóireachta, bratghrúpaí éagsúla agus eagraíochtaí Gaeilge agus cultúrtha ina measc, oibriú le chéile chun na buntáistí féideartha a bhaineann leis an teanga a bhaint amach.’  

Bane Mullarkey, gnólacht agus comhairleoir margaíochta atá lonnaithe i nGaillimh, i gcomhar leis an eacnamaí Jerome Casey a chuaigh i mbun an staidéir seo.  I measc na hoibre a rinneadh do thaighde an staidéir bhí comhairliúcháin fhorleathana, taighde deisce agus allamuigh a chuimsigh suirbhéanna ar ghnólachtaí agus ar theaghlaigh, agus agallaimh dhoimhne. 

Tá teacht ar an tuairisc ag www.gleg.ie  



Cláraigh don Nuachtlitir

Cláraigh do Sheirbhísí Eolais na Comhdhála

Ainm:
R-Phoist:

Vótáil

Céard é an áit is minicí ina labhraíonn tú Gaeilge?

san obair
i gciorcal comhrá
sa bhaile
le mo chairde
ag ranganna Gaeilge
©1995-2009 Gaelport™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 - Fón: +353 1 6794780 - Facs: +353 1 6790214