An Nuacht is déanaí le Gaelport.com
Lasairfhíona ag Airneán
Beidh an t-amhránaí clúiteach Lasairfhíona Ní Chonaola ar stáitse i gClub Árus na nGael ar an Máirt 8 Nollaig mar chuid den tsraith ‘Airneán sa Chathair’ a bhíonn á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge i gCathair na dTreabh.
Is amhránaí / scríbhneoir amhráin í Lasairfhíona a bhfuil fréamhaithe go doimhin i stíl amhránaíocht sean-nós a baile, Inis Oírr, Oileáin Árann i Co. na Gaillimhe, ach chomh maith leis sin tá mealltacht faoi leith a bhaineann lena cur chuige nuálach don cheol Ghaelach agus an claonadh iontach uathúil atá aici don cheol thraidisiúnta.
Is céimí Staidéar Cheilteach ó Choláiste na Trionóide í a bhfuil tionchar leathan ag réimse cheoil chomhaimseartha ar a cuid amhránaíochta.
Déanadh seoladh ar a céad albam An Raicín Álainn i 2002 ag an bhFéile Idircheilteach i Lorient, An Bhriotáin. Roghnaigh an iris cheoil Hot Press é mar cheann de na halbam ceol tíre is fearr i 2002. Eisíodh dara albam Lasairfhíona i 2006.
Flame of Wine an t-ainm atá air, sin aistriúcháin litriúil go Béarla dá hainm féin. Mar thionlacan di ar an albam seo tá ceoltóirí eile den scoth Mary Bergin, Johnny McDonagh, Bill Shanley agus deartháir Lasairfhíona, Mac Dara Ó Conaola. Bhí sí ainmnithe i gcomhair duais Meteor i 2006.
Leis an sraith oícheanta chultúrtha seo “Airneán sa Chathair” tá sé i gceist pobal mhór Gaeilge na Gaillimhe agus go deimhin mórthimpeall a thabhairt le chéile. Beidh Lasairfhíona ag canadh agus ag comhrá ar feadh thart ar uair a chloig agus tá súil go bhfanfaidh gach duine i gcomhair deoch nó tae nó caife cois tine ina dhiaidh. Bhí slua mór i láthair agus oíche airneáin álainn againn i dteannta Joe Steve Ó Neachtain i mí na Samhna d’oíche oscailte na sraithe.
Cláraigh don Nuachtlitir
Vótáil
Céard é an áit is minicí ina labhraíonn tú Gaeilge?