An Nuacht is déanaí le Gaelport.com
Clár Uathúil PhD sa Phleanáil Teanga Seolta in OÉ Gaillimh
Tá dhá chlár PhD a bhaineann le fadhbanna mionteanga atá ag pobal na Gaeilge seolta go hoifigiúil ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D. Is comhpháirtíocht an clár taighde idir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Scoil na nEolaíochtaí Sláinte in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus is í an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) atá á mhaoiniú trí sparánachtaí taighde a chur ar fáil.
Ag labhairt dó ag an seoladh bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Ó Cuív: “Tá an comhoibriú straitéiseach idir Ollscoil, Stát agus pobal ag cur leis an obair cheannródaíoch atá ar siúl ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus OÉ Gaillimh do phobal na Gaeilge tríd an teagasc, tríd an taighde agus tríd an gcomhairleoireacht. Tá sé i gceist torthaí an taighde seo a úsáid chun cur le héifeacht na comhairle a roinntear leis an bpobal sin agus cur le comhlachtaí Gaeltachta agus iad ag dul i ngleic le castacht an dátheangachais.”
Rinne Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr Jim Browne, comhghairdeas le Sarah Anne Buckley agus Ciarán Lenoach, na mic léinn ar éirigh leo sparánachtaí COGG a ghnóthú. Ghabh sé buíochas le COGG as an tacaíocht a thug siad do na tionscadail taighde seo agus as na sparánachtaí taighde a chur ar fáil chun a chur ar chumas OÉ Gaillimh scoláireachtaí a bhronnadh ar thaighdeoirí cumasacha le taighde a dhéanamh sa réimse léinn seo.
“Is léiriú na tograí taighde seo ar an dul chun cinn suntasach atá déanta ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i bhforbairt an oideachais trí mheán na Gaeilge. “
“Is cúis áthais dúinn go bhfuil an tAcadamh, Scoil na nEolaíochtaí Sláinte (Teiripe Urlabhra & Theanga) agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag obair i gcomhar le chéile le tuiscint a fháil ar riachtanais lucht labhartha na Gaeilge, agus riachtanais na gcainteoirí a bhfuil riachtanais speisialta acu, go háirithe”.
Seo a leanas an méid a dúirt an Dr Conchúr Ó Giollagáin, Aonad na Pleanála Teanga, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, ag an seoladh: “Seo é an chéad chlár PhD a bhfuil baint ag an Acadamh leis. Is clár taighde ceannródaíoch atá á bheartú leis an dá phíosa taighde PhD seo a bheidh ag plé le téamaí ar téamaí cinniúnacha mionteanga iad do phobal na Gaeilge. Is cuid lárnach d’obair Aonad na Pleanála Teanga an taighde seo agus is léiriú é ar an bhforbairt atá ag teacht ar chláir taighde Aonad na Pleanála Teanga”.
Tá sé mar aidhm ag an gcéad Chlár PhD measúnuithe a fhorbairt don Ghaeilge a fheileann don chaoi a labhraítear an Ghaeilge mar mhionteanga. Mar thoradh ar an taighde seo, cuirfear measúnuithe ar fáil do theiripithe urlabhra a bheidh ag obair le cainteoirí dúchais Gaeilge. Déanfaidh an dara PhD mionscagadh ar fhadhbanna an dátheangachais i bpobal mionteanga, amhail na fadhbanna a bhíonn ag lucht labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht.
Is aidhm thábhachtach de chuid OÉ Gaillimh an léann agus an taighde a fhorbairt go trasdisciplíneach agus fuascailt a fháil ar cheisteanna comónta trí iniúchadh a dhéanamh orthu le léargais agus le tuiscintí éagsúla.
Chomh maith leis sin, dúirt an tAire Ó Cuív: “Tá gá le straitéis chomhtháite, chomhordaithe lena chinntiú gurb ionann an tseirbhís atá ar fáil do dhaoine a labhraíonn Gaeilge sa bhaile agus an tseirbhís atá ar fáil do dhaoine a labhraíonn Béarla sa bhaile. Tá an pobal agus an stát ag comhoibriú le chéile chun a chinntiú go n-éireoidh leis an gcéim cheannródaíoch seo i bhforbairt seirbhísí agus áiseanna chun go mbeidh córas ann le seirbhís chomh hiomlán a chur ar fáil do theaghlaigh atá ag tógáil a gclainne le Gaeilge agus atá ar fáil do theaghlaigh a roghnaíonn an Béarla a labhairt ar an teallach”.
Cláraigh don Nuachtlitir
Vótáil
Céard é an áit is minicí ina labhraíonn tú Gaeilge?