Skip to main content

Gaelport - Leathnach Baile

An Nuacht is déanaí le Gaelport.com


Will Softly @ Club OA2

Will Softly @ Club OA2

Is beag rud gur féidir leat a cheannach ar €4 na laethanta seo- cóip den iris nua-aimseartha Nós* b’fhéidir nó cúpla rian ar iTunes nó fáinne airgid ar ndóigh. Ach anois tá margadh maith á dhéanamh ag an gclub oíche cáiliúil,  Club OA2 atá lonnaithe in Áras na nGael ar Sráid Dominic i gCathair na Gaillimhe lena lucht leanúna- is é sin costas €4 a ghearradh ar chustaiméirí d’oíche airneáin ceoil leis an gceol comhtháite domhanda is fearr gach Aoine.


Ach anuas air sin tá saorchead isteach do dhaoine a bhíonn i láthair roimh 10.30 i.n ar an oíche.

An tseachtain seo ar an 8 Eanáir beidh DJ cónaithe Will Softly i láthair chun buillí domhanda agus func fáistineach a chasadh ag an gclub atá ag dul ó neart go neart le tamall de bhlianta anuas. An tseachtain dar gcionn, an 15 Eanáir beidh an DJ cónaithe Ben Ó Faoláin ag casadh ceoil ar na deiceanna.

Seo an méid a bhí le rá ag an iris G faoin gclub oíche:”’rún na gclub - OA2 ar Shráid Doiminic…tá an club seo sainiúil de bharr an atmaisféar taitneamhach agus pearsanta…le réimse ceoil ó funk, hip-hop chuig buillí domhanda…is beag ionad gur féidir leo a léithéid d’oíche a chur ar bun ach labhraíonn an oíche dó féin mar ní gá dhó braith ar aon chineál córais fuaime casta chun a lucht leanúna dílis a shásamh. Ní féidir atmaisféar a cheannach ar ndóigh.’

Bíonn club OA2 ar siúl i gClub Áras na nGael agus bíonn rogha leathan d’imeachtaí Gaeilge ar siúl sa chlub beagnach gach oíche den tseachtain. Tuilleadh eolais faoin gClub ar fail ó conradh@bradan.iol.ie

Cláraigh don Nuachtlitir

Cláraigh do Sheirbhísí Eolais na Comhdhála

Ainm:
R-Phoist:

Vótáil

Céard é an áit is minicí ina labhraíonn tú Gaeilge?

san obair
i gciorcal comhrá
sa bhaile
le mo chairde
ag ranganna Gaeilge
©1995-2009 Gaelport™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 - Fón: +353 1 6794780 - Facs: +353 1 6790214