Skip to main content

Gaelport - Leathnach Baile

An Nuacht is déanaí le Gaelport.com


Deis den scoth do ghnólachtaí na Gaillimhe

Deis den scoth do ghnólachtaí na Gaillimhe
Niamh

Níl ach seachtain ag gnólachtaí atá lonnaithe i gCathair na dTreabh iarratas a chur isteach sa chomórtas bliantúil dar teideal Gradam Sheosamh Uí Ógartaigh- duais a thugann aitheantas don obair mhór dhátheangach a bhíonn ar siúl ag comhlachtaí i gCathair na Gaillimhe.


Seo í an t-ochtú bliain don Ghradam a bheith ar an bhfód agus dar le Gaillimh le Gaeilge a chur an comórtas áirithe seo ar bun i gcomhpháirt leis an Galway Advertiser,  is fiú go mór do ghnólachtaí cur isteach ar an duais mar go bhfuil  duaischiste tarraingteach ag an duais i mbliana a chabhródh go mór le gnólachtaí atá ag streachailt de dheasca an mheathlaithe eacnamaíochta.

Bronnfar an Gradam ar an Ghnó Dátheangach is fearr i gcathair na Gaillimhe agus gheobhaidh buaiteoir na duaise  pacáiste fógraíochta leis an Galway Advertiser, 38 píosaí fógraíochta laethúla le Galway Bay FM, comhairle ar chlódóireacht, ar dhearadh agus ar mhargaíocht le Snap Printing, eitilt fillte do sheisear chuig Dún Éideann ó Aerfort na Gaillimhe, ballraíocht bliana saor in aisce le Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus le Gaillimh le Gaeilge.

Tá dhá chatagóir sa Ghradam – comhlachtaí ina bhfuil níos mó ná fiche fostaithe agus comhlachtaí ina bhfuil fiche nó níos lú fostaithe.  Gheobhaidh buaiteoirí na gcatagóirí macasamhail de Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh le coinneáil atá urraithe ag Údarás na Gaeltachta.

Is é Déardaoin 14 Eanáir 2010 an spriocdáta i gcomhair iontrálacha. Tuilleadh Eolais ar fáil ó Ghaillimh le Gaeilge- www.gleg.ie  

Cláraigh don Nuachtlitir

Cláraigh do Sheirbhísí Eolais na Comhdhála

Ainm:
R-Phoist:

Vótáil

Céard é an áit is minicí ina labhraíonn tú Gaeilge?

san obair
i gciorcal comhrá
sa bhaile
le mo chairde
ag ranganna Gaeilge
©1995-2009 Gaelport™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 - Fón: +353 1 6794780 - Facs: +353 1 6790214