An Nuacht is déanaí le Gaelport.com
Aighneachtaí á lorg: Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Dréacht-Scéim do 2010-2013 á hullmhú ag an Roinn Iompair.
Tá dréacht-Scéim don tréimhse 2010-2013 á hullmhú ag an Roinn Iompair faoi alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é bun-chuspóir an Achta ná a chinntiú go mbeidh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeidh siad ar chaighdeán níos airde.
Leanfaidh an Scéim nua ar Scéim na Roinne don tréimhse 2007-2010, atá ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag www.transport.ie
Tá an Roinn ag lorg aighneachtaí agus tuairimí anois ó gach páirtí leasmhar maidir le hullmhú na Scéime don tréimhse 2010-2013. Tá sé inmhianaithe go seolfaí aighneachtaí isteach go leictreonach chuig an Roinn ag gaeilge@transport.ie nó is féidir freisin iad a chur tríd an bpost chuig:
Seosamh Ó Ciardha Uasal,
Rannóg Chumarsáide agus Seirbhísí Thacaíochta,
An Roinn Iompair,
25 Sráid Chliara,
Baile Átha Cliath 2
Is é an dáta deireanach d’aighneachtaí agus tuairimí ná 5.i.n ar 3 Feabhra 2010. Freagróidh Seosamh Ó Ciardha Uasal aon cheisteanna maidir leis an ábhar thuasluaite ag 01-6041261.
Tá eolas maidir le mandáid, ról agus na seirbhísí arna soláthar don phobal ag an Roinn ar fáil freisin ar www.transport.ie
Tá eolas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla ar fáil ar www.pobail.ie
Beidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag ullmhú aighneacht go luath. Más mian leat teagmháil a dhéanamh linn agus cur leis an aighneacht seo is féidir teagmháil a dhéanamh le eolas@gaelport.com
Bíonn an nuacht is déanaí faoi sheirbhísí Gaeilge agus cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla ar fáil sa nuacht is déanaí ar gaelport.com: http://www.gaelport.com/nuacht agus http://www.gaelport.com/reachtaiocht
Cláraigh don Nuachtlitir
Vótáil
Céard é an áit is minicí ina labhraíonn tú Gaeilge?