An Nuacht is déanaí le Gaelport.com
An Rón Dall
Cúig Bliana ó shin bhí Dara McGenn suite ag bord a chistine i gCorr na Rón, Indreabhán, Co na Gaillimhe, ag sceitseáil nuair a tháinig smaoineamh An Rón Dall chuige, a scríobhann Bridget Bhreathnach.
Meascán de scéalaíocht, ceol beo agus péintéireacht bheo spreagtha ag scéal béaloidis as Maigh Eo a fuair an t-ealaíontóir i seanleabhar lena athair é an léiriú.
Is ar dhearadh seite is mó atá aithne ar Dhara McGee. Ainmníodh é do ghradam amharclainne an Irish Times/ESB in 2005 don seit a dhear sé do léiriú Dharach Mhic Con Iomaire ar An Béal Bocht le Myles na gCopaleen, agus is é a dhear seit stáitse agus scáileáin Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain.
Ach leis an léiriú seo le Fíbín Teo, a bhí le feiceáil i mBearna ag deireadh na Nollag 2009, tá an scéal á héinteáil de réir mar atá sé á insint - agus tá treo nua tógtha aige air fhéin agus stíl nua dramaíochta tagtha chun cinn freisin.
Chuir McGee an léiriú ar bun ag féile ealaíne Tuam i 2006 agus rinne dearmad air arís nó gur iarr Féile na gCultúr Domhanda i nDún Laoghaire léiriú air anuraidh. Ó Shin tá os cionn dhá scór léiriú curtha ar bun ar fud na tíre i mBéarla agus i nGaeilge, agus glac léirithe déanta sa Bhreatain Bheag freisin.
An iarraidh seo tá struchtúr níos daingne ag an léiriú atá á dhéanamh i gcomhar le Darach Ó Tuairisg agus a chomhlacht amharclainne Fíbín.
Déanann Ó Tuairisg aithris ar an scéal atá simplí agus taibhsiúil amhail scéal cois tine.
Ón leabhar Wild Sports of the West of Ireland (1892) le W.H. Maxwell a tháinig an scéal. Is a bhuíochas go cleas Lady Godiva a rinne an t-údar ina bhaile dúchais go bhfuil an scéal againn, a insíonn Ó Tuairisg don lucht féachana roimh ré, mar gur cuireadh Maxwell ar deoraíocht go hEachléim i Maigh Eo dá bharr.
As Maigh Eo ó dhúchas, áfach, don cheoltóir Vinnie Kilduff (a bhfuil cáil air as an gceol a chum sé do U2, Clannad agus lear bannaí aitheanta eile) atá ina dteannta an uair seo. Ceol nuachumtha le Kilduff beo ar an bhfeadóg mhór agus an maindilín leictreach atá le cloisteáil le linn an léirithe é measctha le ceol réamhthaifeadtha a thugann an lucht féachana ar turas idir uaigneas agus práinn.
The Irish Times - Pól Ó Muirí
13 Eanáir 2010
www.irishtimes.ie
Cláraigh don Nuachtlitir
Vótáil
Céard é an áit is minicí ina labhraíonn tú Gaeilge?