Skip to main content

An Nuacht is déanaí le Gaelport.com


Am cinniúnach don Ghaeilge

Am cinniúnach don Ghaeilge
le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

‘Is am cinniúnach é seo ó thaobh na Gaeilge de’ a dúirt an tAire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD agus é ag oscailt Tóstal na Gaeilge 2010 go hoifigiúil i nGaillimh Dé hAoine.  Dhírigh Tóstal na Gaeilge ar conas a chuirfear i bhfeidhm Straitéis Fiche Bliain an Rialtais don Ghaeilge.


Dar le Ó Cuív go mbeidh an Straitéis ina ‘léarscáil bóthair’ don Ghaeilge don fiche bliain romhainn, agus go mbeidh an Rialtas ag díriú ar an bpleanáil fad-téarmach don Ghaeilge a dteastaíonn ag an leibhéal náisiúnta le cinntiú go mbainfear amach an ollsprioc, go mbeidh Gaeilge á labhairt go laethúil ag 250,000 duine faoi cheann fiche bliain.

Ar dhuine de phríomhchainteoirí an Tóstail bhí an tOllamh Colin Williams, ó Ollscoil Cardiff sa Bhreatain Bheag.  Thug an tOllamh Williams léargas ar straitéis teanga náisiúnta na Breataine Bige, Iaith Pawb. Luaigh Williams gur trí reachtaíocht, tionscnaimh oideachasúla agus cur chun cinn na teanga sa phobal a bhí i gceist ollsprioc na straitéise – líon na gcainteoirí laethúla Breatnaise a mhéadú de 5% faoin bhliain 2011 – a bhaint amach.

I seisiúin eile, tugadh cuntas ar thaighde comparáideach ar chur i bhfeidhm reachtaíocht teanga agus ar mhodhanna measúnaithe chuige sin, scéimeanna faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla ina measc.  Phléigh an Dr Conchúr Ó Giollagáin agus an Dr Brian Ó Curnáin ‘Mionteanga agus Mórtheanga i Ré na Straitéise 20 Bliain’.  Dhírigh cainteoirí eile ar cheist na hinmharthanachta sa Straitéis, chomh maith le réaltacht agus idé-eolaíocht an dátheangachais sna ceantair Ghaeltachta. Tugadh léiriú spéisiúil ar an nGaeilge laghdaithe atá ag teacht chun cinn i nGaeltacht an lae inniu.  Aithníodh na deacrachtaí a bhaineann leis an Straitéis agus tugadh moltaí maidir le cuid na Gaeltachta den Straitéis.

Bhí painéal d’aoichainteoirí aitheanta i láthair chun ceisteanna a fhreagairt ón urlár maidir le tosaíochtaí chur chun cinn na Gaeilge sa tréimhse romhainn.  Is í Gormfhlaith Ní Thuairisg, RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhí mar chathaoirleach ar an seisiún seo, agus i measc na gcainteoirí ar an bpainéal bhí: An Seanadóir Labhrás Ó Murchú; Leas-urlabhraí Fhine Gael ar Ghnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, Dinny McGinley, TD; hUrlabhraí ar Ghnóthaí Eachtracha do Pháirtí an Lucht Oibre, Michael D. Higgins, TD. chomh maith le léachtóir sa Phleanáil Teanga le OÉ, Gaillimh, an Dr Conchúr Ó Giollagáin agus Donncha Ó hÉallaithe, taighdeoir agus gníomhaire pobail.

Ag caint ag Tóstal na Gaeilge dúirt an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD, go bhfuil súil aige ‘gur fiche bliain fáis a bhéas i dtréimhse na Straitéise a thabharfaidh muid ar an aistear fada “Ó Aidhm go Feidhm”.

Ina hachoimre ag deireadh an Tóstail, mheabhraigh an Dr. Helen Ó Murchú do na rannpháirtithe tábhacht a ndúirt an tAire Ó Cuív – gur fúinne a bhí cineál na sochaí a athmhúnláil agus a athchruthú chun leasa an phobail i gcoitinne. Dar léi, is i dteannta a chéile, áfach, a chaithfear sin a dhéanamh. Ionadaithe Stáit, forais leathstáit, an earnáil dheonach Ghaeilge agus pobail na Gaeilge ag pleanáil agus ag saothrú mar chomhpháirtnéirí i bhfiontar na teanga d’fhonn an Straitéis 20 Bliain a fhíorú.

Beidh físeán d’imeachtaí uile an Tóstail ar fáil ar líne ag www.tostal.ie gan mhoill.

 

An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD, leis an Dr Helen Ó Murchú, Cathaoirleach Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir na Comhdhála ag oscailt oifigiúil Thóstal na Gaeilge 2010



Cláraigh don Nuachtlitir

Cláraigh do Sheirbhísí Eolais na Comhdhála

Ainm:
R-Phoist:

Vótáil

Céard é an áit is minicí ina labhraíonn tú Gaeilge?

san obair
i gciorcal comhrá
sa bhaile
le mo chairde
ag ranganna Gaeilge
©1995-2009 Gaelport™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 - Fón: +353 1 6794780 - Facs: +353 1 6790214