An Nuacht is déanaí le Gaelport.com
Patricia Ní Chonghaile ceaptha mar Chomhordaitheoir Táirgeachta
Le déanaí ceapadh Patricia Ní Chonghaile ina Comhordaitheoir Táirgeachta ar an nuachtán Gaeilge Náisiúnta Gaelscéal. Is as Na Doireadha, Baile na hAbhann í Patricia Ní Chonghaile.
Tá baint aici le cúrsaí Gaeilge agus Forbartha Pobail le tamall maith. D’oibrigh sí le Glór na nGael, Cumas Teo. agus Tionscnamh Pleanála Teanga Chois Fharraige sular ceapadh í ina Comhordaitheoir Táirgíochta le Gaelscéal.
Tá cáilíochtaí aici i gcúrsaí Margaíochta ó Western Management Centre i nGaillimh, chomh maith le Dioplóma i bhforbairt Pobail agus MA sa Phleanáil Teanga ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Le linn thréimhse Patricia le Glór na nGael thug sí camchuairt timpeall na tire ag déanamh moltóireachta ar choistí agus ar ghrúpaí pobail.
Idir seo agus an mórsheoladh tá sé i gceist aici agus an fhoireann camchuairt a thabhairt ar roinnt de na ceantair, ina measc Baile Átha Cliath, Béal Feirste, Corcaigh, agus na Gaeltachtaí.
An aidhm atá leis seo ná leis an pobal a chur ar an eolas faoin nuachtán nua, bualadh le hionadaithe pobail agus daoine ó na heagrais Ghaeilge maidir leis na riachtanais nuachta, poiblíochta agus fógraíocht atá acu féin.
©www.gaelport.com 09 Márta 2010
Cláraigh don Nuachtlitir
Vótáil
Céard é an áit is minicí ina labhraíonn tú Gaeilge?