Skip to main content

An Nuacht is déanaí le Gaelport.com


Athbhreithniú ar Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge beartaithe

Athbhreithniú ar Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge beartaithe
An Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta

Tá fógartha ag an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Éamon Ó Cuív TD, inniu  go bhfuil athbhreithniú ar Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge le déanamh ag an Lár-Aonad Aistriúcháin ina Roinn.  Foilsíodh an Caighdeán Oifigiúil don chéad uair i 1958 agus tá sé á fhoilsiú ó am go chéile ó shin.


Céim ar leith ab ea a fhoilsiú maidir le forbairt na Gaeilge mar theanga nua-aimseartha liteartha agus riaracháin ar aon. É sin ráite, ag cur san áireamh an oiread athruithe agus forbairtí atá le tabhairt faoi deara go leanúnach i mianach na teanga beo, is tráthúil an t-am é tabhairt faoi athbhreithniú anois. 

Ceapfaidh an tAire Coiste Stiúrtha leis an athbhreithniú a chur chun cinn, agus tiocfaidh baill an Choiste ó na réimsí seo a leanas: foclóireacht, oideachas, dlí, aistriúchán, téarmaíocht, meáin agus léann. Cur chuige céimnithe a bheidh i gceist leis an athbhreithniú.

Déanfar gach caibidil nó gach cuid de chaibidil den saothar seo a bheidh ina Chaighdeán leasaithe ar deireadh a scagadh agus a aontú sula mbogann an grúpa athbhreithnithe ar aghaidh go dtí an chéad mhír eile ar an gclár oibre.

Tabharfar tús áite ag tús an phróisis do cheisteanna ar leith atá thar a bheith tábhachtach maidir le forbairt na téarmaíochta nua-aimseartha.

Dúirt an tAire Ó Cuív: “Cúis mhór áthais dom an togra stairiúil seo a fhógairt ag tús Sheachtain na Gaeilge. Tá teangacha orgánach agus athraíonn said thar na glúinte. Tá sé tábhachtach go bhféadfadh an Caighdeán Oifigiúil freastal ar riachtanais na haoise seo. É sin ráite, tá a fhios agam go ndéanfaidh iad siúd a bhfuil cúram an athbhreithnithe seo orthu cinnte de go mbeidh a gcuid cinntí ciallmhar agus réadúil agus go mbeidh siad dílis do stair is d’oidhreacht shaibhir na Gaeilge mar an teanga liteartha is sine san Eoraip ar an taobh ó thuaidh de na hAlpa.”

Lean an tAire air: “Is gá dúinn a chinntiú go mbeidh an Caighdeán leasaithe sách cruinn agus sách láidir le cothromaíocht tomhaiste a bhaint amach idir stádas na teanga a chaomhnú agus beocht na teanga a chothú. Beidh ar an athbhreithniú riachtanais an fhoghlaimeora a chur san áireamh agus na rialacha a dhéanamh chomh soiléir agus is féidir. Beidh air chomh maith riachtanais an chainteora oilte a chur san áireamh agus é ag plé le teanga atá uasal agus ealaíonta, teanga a gcuireann a struchtúr saibhir gramadaí ar a cumas raon leathan nathanna is mianta a léiriú. Ní liosta focal amháin é teanga.”

Tá sé i gceist ag an Aire ballraíocht an choiste a fhógairt ag an gcéad chruinniú s’aige sa dara leath de mhí Aibreáin.

Thug an Roinn le fios inniu chomh maith gur chur chuige céimnithe a bheidh i gceist leis an athbhreithniú. An chéad chéim a bheidh ann ná réimse ar leith gramadaí agus spéise á athbhreithniú ag an gCoiste, ansin foilseofar na moltaí ar feadh tréimhse áirithe ar mhaithe le comhairliúchán poiblí (moltaí nach gá an Caighdeán a leasú san áireamh), agus ansin déanfar athbhreithniú eile i gcomhthéacs an aiseolais seo ón bpobal. Déanfar cinneadh i leith na moltaí ansin sula mbogtar ar aghaidh go dtí an chéad réimse eile.

www.pobail.ie



Cláraigh don Nuachtlitir

Cláraigh do Sheirbhísí Eolais na Comhdhála

Ainm:
R-Phoist:

Vótáil

Céard é an áit is minicí ina labhraíonn tú Gaeilge?

san obair
i gciorcal comhrá
sa bhaile
le mo chairde
ag ranganna Gaeilge
©1995-2009 Gaelport™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 - Fón: +353 1 6794780 - Facs: +353 1 6790214