An Nuacht is déanaí le Gaelport.com
Coimcheoil Phádraig na Taibhdheirce
Déanfar comóradh ar shaothar Mháirtín Ui Direáin ag Coirmcheoil Phádraig a bheidh ar siúl in St. Patrick’s Band Hall, Fairgreen i gCathair na Gaillimhe ar an 14 Márta 2010 ag 8 pm.. Ar an oíche beidh an t-aisteoir Séamus Ó hAodha ag léamh a rogha dánta leis an Direánach.
Anuas air sin beidh ceiliúradh ar chultúr agus cheol na hÉireann agus beidh ceoltóirí agus aisteoirí den scoth ag glacadh páirte sa léiriúchán a bheidh á léiriú ag an Taibhdhearc i gcomhpháirt le Tom Cullivan.
Ar an oíche beidh Tom Cullivan , Éamonn Rabbitte, agus Elena Gekker ag ceol agus tá fáilte chaoin roimh an bpobal bheith i láthair ar an Domhnach 14 Márta nuair a mbeidh rogha agus togha an cheoil le cloisteáil agus é á chasadh ag plúr na n-oirfideach.
Tuilleadh eolais: Aine Ní Chuaig aine@antaibhdhearc.com
Cláraigh don Nuachtlitir
Vótáil
Céard é an áit is minicí ina labhraíonn tú Gaeilge?