Skip to main content

An Nuacht is déanaí le Gaelport.com


Gaelport.com ar an ngearrliosta do Ghradam Net Visionary

Gaelport.com ar an ngearrliosta do Ghradam Net Visionary

Ag ócáid  Déardaoin bheag seo, 20 Bealtaine, sa Crowne Plaza Hotel, Baile Átha Cliath, ainmneofar buaiteoirí na ngradam, Net Visionary. Tá an suíomh gréasáin www.gaelport.com ainmnithe sa chatagóir “Tairbhe Sóisialta” sna Gradaim Idirlín seo a bhíonn á n-eagrú ag an gcumann idirlín, the Irish Internet Association.


Tá iomaíocht ghéar idir scoth na láithreán gréasáin ar siúl sa chatagóir seo de chuid an IIA & Enterprise Ireland Net Visionary Awards 2010. 

Is iad na ceithre láithreán gréasáin eile a bheidh in iomaíocht le Gaelport.com, don ghradam iomráiteach seo ná DSPCA, KildareStreet.com, Gaelick, agus DIT Hothouse.

Ag labhairt dó faoin ainmniúcháin, dúirt Kevin De Barra, Bainisteoir Margaíochta agus Cumarsáide Poiblí na Comhdhála, gur “cúis ríméad d’fhoireann uile Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge gur ainmníodh an láithreán Gaelport.com ar ghearrliosta na ngradam seo i mbliana, léiríonn seo an obair ar fad atá curtha isteach ag foireann na Comhdhála sa togra seo, agus is ábhar spreagtha don todhchaí é gan amhras”.

Tá tuilleadh eolais faoi na gradaim ar fáil ar an suíomh gréasáin www.iia.ie



Cláraigh don Nuachtlitir

Cláraigh do Sheirbhísí Eolais na Comhdhála

Ainm:
R-Phoist:

Vótáil

Céard é an áit is minicí ina labhraíonn tú Gaeilge?

san obair
i gciorcal comhrá
sa bhaile
le mo chairde
ag ranganna Gaeilge
©1995-2009 Gaelport™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 - Fón: +353 1 6794780 - Facs: +353 1 6790214